2. I gcás ina mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 maidir le CPLanna agus maidir le comhaltaí imréitigh, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtarlóidh sárú, go bhféadfar na pionóis riaracháin nó na bearta eile riaracháin dá dtagraítear sa mhír sin a chur i bhfeidhm, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta, maidir le bord agus lucht bainistíochta sinsearaí CPLanna, agus chomhaltaí imréitigh agus daoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.