+Airteagal 87 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
---+Airteagal 87 (1)
---+Airteagal 87 (2)
---+Airteagal 87 (3)
---+Airteagal 87 (4)
---+Airteagal 87 (5)
---+Airteagal 87 (6)
---+Airteagal 87 (7)
---+Airteagal 87 (8)
---+Airteagal 87 (9)
|
Airteagal 87 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 87 (1)
|
Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
“Airteagal 6b
Fionraí na hoibleagáide imréitigh i gcás réitigh
1. I gcás ina gcomhlíonfaidh CPL na coinníollacha faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), féadfaidh údarás réitigh an CPL a ainmnítear faoi Airteagal 3(1) den Rialachán seo nó an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo, ar a dtionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht ar chomhalta imréitigh de chuid an CPL faoi réiteach, iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a chur ar fionraí i leith aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó i leith cineál sonrach contrapháirtí i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
na haicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a bhfuiltear ag iarraidh fionraí ina leith, údaraítear don CPL atá faoi réiteach iad a imréiteach; agus
|
|
(b)
|
is gá an oibleagáid imréitigh d’aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó do chineál sonrach contrapháirtí a chur ar fionraí chun bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas maidir le réiteach an CPL, nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, agus tá an cur ar fionraí sin i gcomhréir leis na haidhmeanna sin.
|
Beidh fianaise go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den fhomhír sin ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Tabharfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír fógra faoina iarraidh réasúnaithe do ESMA agus do BERS, an tráth céanna a chuirtear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin.
2. Laistigh de 24 uair an chloig tar éis fógra faoin iarraidh a fháil ón údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, agus, a mhéid is féidir, tar éis dul i gcomhairle le BERS, déanfaidh ESMA tuairim a eisiúint maidir leis an bhfionraí atá beartaithe agus an gá le bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas, nó aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, á chur san áireamh, maidir leis na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23 agus maidir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo.
3. I gcás ina measfaidh ESMA go bhfuil fionraí na hoibleagáide imréitigh ina athrú ábhartha ar na critéir chun go ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid trádála dá dtagraítear in Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, féadfaidh ESMA iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus (2) den Rialachán sin a chur ar fionraí i leith na n-aicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hiarrata an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí.
Cuirfidh ESMA a iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus do BERS an tráth céanna a chuirtear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin.
4. Ní phoibleofar na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 agus 3 agus an tuairim dá dtagraítear i mír 2.
5. Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 1 a fháil, ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise arna soláthar ag an údarás dá dtagraítear i mír 1, an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí i ndáil leis na haicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar le gníomh cur chun feidhme, nó an fionraí a dhiúltú.
Agus an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuairim a d’eisigh ESMA dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23 , na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo maidir leis na haicmí díorthach thar an gcuntar sin agus an gá leis an bhfionraí chun bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú rianúil na margaí airgeadais san Aontas a sheachaint nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin.
I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún an fionraí a iarradh, tabharfaidh sé cúiseanna ina leith sin i scríbhinn don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus do ESMA. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle láithreach ina leith sin agus cuirfidh sé na cúiseanna a tugadh don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 ar aghaidh chucu agus chuig ESMA. Ní dhéanfar an fhaisnéis sin a phoibliú.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).
6. I gcás ina n-iarrfaidh ESMA é i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, féadfar leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirtear an oibleagáid imréitigh ar fionraí an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 do na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar a chur ar fionraí freisin, faoi réir chur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh.
7. Fionraí na hoibleagáide imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, na hoibleagáide trádála, déanfar iad a chur in iúl don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus do ESMA, agus déanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus sa chlár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.
8. Beidh fionraí na hoibleagáide imréitigh de bhun mhír 5 bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná trí mhí ó dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 6 bailí ar feadh na tréimhse tosaigh céanna.
9. I gcás ina mbeidh feidhm i gcónaí leis na forais atá ann an fionraí a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh ama a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear i mír 5 ar feadh tréimhsí breise nach mó ná trí mhí, agus nach mó ná 12 mhí tréimhse iomlán na fionraí. Déanfar aon síneadh ama leis an bhfionraí a fhoilsiú i gcomhréir le mír 7.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).
10. Féadfaidh aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 iarraidh a eisiúint don Choimisiún síneadh a chur le fionraí na hoibleagáide imréitigh, in am trátha roimh dheireadh na tréimhse fionraí tosaigh dá dtagraítear i mír 5 nó na tréimhse sínte dá dtagraítear i mír 9.
Beidh fianaise ag gabháil leis an iarraidh go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 á gcomhlíonadh i gcónaí.
Tabharfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír a iarraidh réasúnaithe do ESMA agus do BERS, an tráth céanna a thugtar an iarraidh don Choimisiún.
Ní dhéanfar an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a phoibliú.
Gan moill mhíchuí tar éis fógra faoin iarraidh a fháil, agus má mheasann sé gur gá sin, tar éis dul i gcomhairle le BERS, déanfaidh ESMA tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cé acu atá nó nach bhfuil feidhm fós ag na forais is bonn leis an bhfionraí, agus an gá le bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas, nó le haghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23 , agus na critéir a leagtar amach i d’Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo á gcur san áireamh. Seolfaidh ESMA cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú.
Féadfaidh an gníomh cur chun feidhme a chuireann síneadh le fionraí na hoibleagáide imréitigh síneadh a chur freisin le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 6.
Beidh an síneadh a chuirfear le fionraí na hoibleagáide trádála bailí ar feadh na tréimhse céanna leis an síneadh a chuirfear le fionraí na hoibleagáide imréitigh.
(*) Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena léasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014 (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 022, 22.1.2021, lch. 1)”."
|
|
Airteagal 87 (2)
|
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
“Airteagal 13a
Tagarmharcanna úis in idirbhearta leagáide a ionadú
1. Féadfaidh contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 11(3) leanúint de na nósanna imeachta bainistithe riosca atá i bhfeidhm acu ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i dtaca le conarthaí de dhíorthaigh thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach a dhéanfar, nó a dhéanfar a nuachan, roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an oibleagáid chun nósanna imeachta bainistithe riosca de bhun Airteagal 11(3) a bheith ann i gcás, tar éis an 11 Feabhra 2021 ina ndéanfar na conarthaí sin a nuachan chun tagarmharc an ráta úis dá dtagraíonn siad a ionadú nó chun forálacha cúltaca maidir leis an tagarmharc sin a thabhairt isteach, agus chuige sin amháin.
2. Na hidirbhearta a dhéanfar nó a dhéanfar a nuachan, roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an oibleagáid imréitigh de bhun Airteagal 4 agus a dhéanfar a nuachan ina dhiaidh sin, tar éis an 11 Feabhra 2021, chun críche tagarmharc an ráta úis dá dtagraíonn siad a ionadú nó chun forálacha cúltaca maidir leis an tagarmharc sin a thabhairt isteach, agus chun na críche sin amháin, ní thiocfaidh siad, ar an gcúis sin, faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4.”;
|
|
Airteagal 87 (3)
|
in Airteagal 24a(7), cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
“(b)
|
ar a laghad uair sa bhliain, measúnuithe uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar athléimneacht CPLanna i leith forbairtí dochracha sa mhargadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, ag cur san áireamh, i gcás inar féidir, éifeacht chomhiomlán na socruithe téarnaimh agus réitigh CPL ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais;”;
|
|
|
Airteagal 87 (4)
|
in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Cuirfidh an coiste riosca comhairle ar an mbord faoi aon socruithe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar bhainistiú riosca an CPL, amhail athrú suntasach ar a shamhail riosca, na nósanna imeachta mainneachtana, na critéir maidir le comhaltaí imréitigh a ghlacadh nó imréiteach aicmí nua ionstraimí nó d’eisfhoinsiú feidhmeanna. Cuirfidh an coiste riosca aon riosca nua a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athléimneacht an CPL in iúl don bhord go tráthúil. Ní theastaíonn comhairle an choiste riosca d’oibríochtaí laethúla an CPL. Ba cheart iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca maidir le forbairtí a mbeidh tionchar acu ar bhainistíocht riosca an CPL i gcásanna éigeandála, lena n-áirítear forbairtí a bhaineann le neamhchosaintí chomhaltaí imréitigh ar an CPL agus idirthuilleamaíochtaí le CPLanna eile.”;
|
|
Airteagal 87 (5)
|
in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5. Cuirfidh CPL an t-údarás inniúil agus an coiste riosca ar an eolas go pras faoi aon chinneadh ina gcinneann an bord gan comhairle an choiste riosca a leanúint agus míneoidh sé cinneadh den sórt sin. Féadfaidh an coiste riosca nó aon bhall den choiste riosca an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon réimse ina measann sé nár leanadh comhairle de chuid an choiste riosca.”;
|
|
Airteagal 87 (6)
|
In Airteagal 37(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
“Cuirfidh an CPL an t-údarás inniúil ar an eolas maidir le haon fhorbairt dhiúltach shuntasach maidir le próifíl riosca aon cheann dá chomhaltaí imréitigh arna cinneadh i gcomhthéacs mheasúnú an CPL dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó aon mheasúnú eile le conclúid chomhchosúil, lena n-áirítear aon mhéadú ar an riosca a thugann aon chomhaltaí imréitigh dá chuid chuig an CPL, a mheasann an CPL go bhféadfadh an riosca sin nós imeachta mainneachtana a ghníomhachtú.”;
|
|
Airteagal 87 (7)
|
in Airteagal 38, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
“8. Cuirfidh comhaltaí imréitigh an CPL a gcuid cliant reatha nó féideartha ar an eolas go soiléir faoi na caillteanais fhéideartha nó costais fhéideartha eile a d’fhéadfaidís a iompar mar thoradh ar chur i bhfeidhm nósanna imeachta bainistithe mainneachtana agus socruithe leithdháilte caillteanais agus suíomhanna faoi rialacha oibríochta an CPL, lena n-áirítear an cineál cúitimh a d’fhéadfaidís a fháil, agus Airteagal 48(7) á chur san áireamh. Soláthrófar faisnéis atá mionsonraithe go leor do chliaint lena áirithiú go dtuigfidh siad na caillteanais sa chás is measa nó na costais eile a d’fhéadfadh a bheith i ndán dóibh i gcás ina ndéanfaidh an CPL bearta téarnaimh.”;
|
|
Airteagal 87 (8)
|
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 45a
Srianta sealadacha i gcás teagmhas suntasach neamh-mhainneachtana
1. I gcás teagmhas suntasach neamh-mhainneachtana mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23, féadfaidh an t-údarás inniúil ceangal a chur ar an CPL staonadh ó aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas ar feadh tréimhse a shonróidh an t-údarás inniúil, ar tréimhse í nach faide ná cúig bliana:
|
(a)
|
íocaíocht díbhinne a dhéanamh nó gealltanas neamh-inchúlghairthe a thabhairt chun íocaíocht díbhinne a dhéanamh, ach amháin i gcás cearta i leith díbhinní dá dtagraítear go sonrach i Rialachán (AE) 2021/23 mar chineál cúitimh;
|
|
(b)
|
aischeannach gnáthscaireanna;
|
|
(c)
|
oibleagáid a chruthú luach saothair inathraitheach mar a shainítear i mbeartas luacha saothair an CPL de bhun Airteagal 26(5) den Rialachán seo, sochair phinsin lánroghnacha nó pacáistí téarfa a íoc leis an lucht bainistíochta sinsearaí mar a shainmhínítear i bpointe 29 d’Airteagal 2 den Rialachán seo.
Ní chuirfidh an t-údarás inniúil srian ar an CPL i dtaobh aon cheann de na gníomhaíochtaí sa chéad fhomhír a dhéanamh, má tá oibleagáid dhlíthiúil ar an CPL an ghníomhaíocht sin a dhéanamh agus má bunaíodh an oibleagáid roimh na teagmhais de bhun na chéad fhomhíre.
|
2. Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh na srianta i mír 1 a tharscaoileadh i gcás ina measfaidh sé nach laghdódh tarscaoileadh na srianta sin cainníocht ná infhaighteacht acmhainní dílse an CPL, go háirithe acmhainní dílse atá ar fáil lena n-úsáid mar bheart téarnaimh.
3. Déanfaidh ESMA faoin 12 Feabhra 2022 dréacht-treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ina sonrófar a thuilleadh na cúinsí ina bhféadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar an CPL staonadh ó aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.”;
|
|
Airteagal 87 (9)
|
In Airteagal 81(3), an chéad fhomhír, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
“(r)
|
na húdaráis réitigh a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/23 .”.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0023
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|