+Airteagal 8 Coinníollacha maidir le cuimsiú ionstraimí, ar le daoine iad seachas na gnóthais a áirítear sa raon feidhme stuamachta comhdhlúthaithe, i nGnáthchothromas Leibhéal 1, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
---+Airteagal 8 5
|
Airteagal 8 Coinníollacha maidir le cuimsiú ionstraimí, ar le daoine iad seachas na gnóthais a áirítear sa raon feidhme stuamachta comhdhlúthaithe, i nGnáthchothromas Leibhéal 1, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. I gcásanna ina n-úsáidtear an modh comhdhlúthaithe dá bhforáiltear in Airteagal 22(8) agus (9) de Threoir 2013/34/AE de bhun Airteagal 18(3) nó (6), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúid a chur san áireamh ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 mar aon le cuntais scairbhisigh ghaolmhara na ngnóthas a áirítear i raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe ar le daoine iad seachas na gnóthais sin i nGnáthchothromas Leibhéal 1, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 nó i gCaipiteal Leibhéal 2, ar choinníoll go mbeidh na hítimí caipitil sin ar fáil chun caillteanais na ngnóthas uile a áirítear sa chomhdhlúthú a chumhdach.
Maidir le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 mar aon leis na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear sa chéad fhomhír, i gcás nach mbeidh siad ar fáil chun caillteanais na ngnóthas uile a áirítear sa raon feidhme stuamachta comhdhlúthaithe a chumhdach, cinnfidh an institiúid méid ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus méid ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 mar aon le méid na gcuntas scairbhisigh gaolmhar a áireofar i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite agus i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagail 81 go 88 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Airteagal 8 2
|
2. Chun críocha mhír 1, ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 mar aon leis na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, ar leis an duine nó leis na daoine nó leis an eintiteas nó leis na heintitis iad a bhainistíonn na gnóthais ar bhonn aontaithe de bhun Airteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó a bhainistíonn na gnóthais go haonarach de bhun Airteagal 18(6), pointe (b), den Rialachán sin, measfar iad a bheith ar fáil chun caillteanais na ngnóthas uile a áirítear sa raon feidhme stuamachta comhdhlúthaithe a chumhdach.
|
|
Airteagal 8 3
|
3. I gcásanna ina gceanglaítear comhdhlúthú iomlán de bhun Airteagal 18(5), Airteagal 18(6), pointe (a), nó Airteagal 18(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cinnfidh an institiúid méid ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus méid ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 mar aon le méid chuntais scairbhisigh ghaolmhara na ngnóthas a áirítear i raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe, ar le daoine iad seachas na gnóthais sin, a áireofar i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite agus i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagail 81 go 88 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Chun na críche sin, na gnóthais a gceanglaítear comhdhlúthú iomlán lena n-aghaidh, measfar gur fochuideachtaí iad.
|
|
Airteagal 8 4
|
4. I gcásanna ina gceanglaítear comhdhlúthú comhréireach de bhun Airteagal 18(4), (5) nó (8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cinnfidh institiúidí méid ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 a eisíonn na gnóthais a áirítear i raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe go comhréireach, ar ionstraimí ar le daoine iad seachas na gnóthais sin, mar aon leis na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a áireofar i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite agus i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagail 82, 83 agus 85 go 88 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Airteagal 8 5
|
5. Chun críocha mhír 4, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a)
|
na gnóthais a gceanglaítear comhdhlúthú comhréireach lena n-aghaidh, measfar gur fochuideachtaí iad;
|
|
(b)
|
tagairtí don chuimsiú iomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, forléireofar iad mar thagairtí don chuimsiú comhréireach sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 18(4), (5) nó (8) den Rialachán sin; agus
|
|
(c)
|
na méideanna dá dtagraítear in Airteagail 82, 83 agus 85 go 88 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cinnfear iad agus an scair den chaipiteal sna gnóthais sin atá ar teachtadh ag an institiúid á cur san áireamh.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 26.04.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0676
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|