1. Nuair a bheidh na húdaráis inniúla ag fíorú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 325bh, 325bi, 325bn, 325bo agus 325bp de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad measúnú ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
na gnéithe rialachais, i gcomhréir le Caibidil 2 den Rialachán seo;
|
|
(b)
|
gnéithe a bhaineann leis an tsamhail tomhais riosca inmheánach a úsáidtear chun an beart easnaimh ionchasaigh agus an beart riosca maidir le cás struis a ríomh, i gcomhréir le Caibidil 3 den Rialachán seo;
|
|
(c)
|
gnéithe a bhaineann leis an tsamhail inmheánach maidir leis an riosca mainneachtana a úsáidtear chun an ceanglas cistí dílse breise le haghaidh riosca mainneachtana a ríomh, i gcomhréir le Caibidil 4 den Rialachán seo.
|
Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh na húdaráis inniúla na prionsabail a bhaineann le comhréireacht a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 2, cáilíocht na doiciméadachta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3, agus na socruithe seachfhoinsithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 4.