3. Údarás inniúil a thagann ar an gconclúid go bhfuil aicmí táirgí i ndeasc thrádála ar leith curtha in áirithe as a chéile leo siúd ar le heintiteas eile den ghrúpa iad atá lasmuigh de raon feidhme an leibhéil comhdhlúthaithe is airde laistigh den Aontas, agus go gcuireann an cur in áirithe as a chéile sin bac ar an údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil cuntas teiste cruthaithe ag an tsamhail tomhais riosca inmheánach maidir le cruinneas réasúnta a tomhais ar rioscaí a chomhfhreagraíonn do na haicmí táirgí sin, féadfaidh sé ceachtar de na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
a cheangal ar an institiúid na suíomhanna a chomhfhreagraíonn do na haicmí táirgí sin a bhaint den deasc thrádála sin;
|
|
(b)
|
diúltú cead a dheonú chun na ceanglais cistí dílse a ríomh i gcomhréir le cur chuige na samhlacha inmheánacha i gcás na deisce trádála sin.
|