+Airteagal 49 1

Airteagal 49 1

1.   Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht institiúide le hAirteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis na ceanglais maidir leis an meastachán ar na caillteanais i gcás mainneachtana, fíoróidh siad cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis an doiciméadacht inmheánach na gnéithe uile dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578, agus cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear le beartais inmheánacha na hinstitiúide go gcuirfear fardal cothrom le dáta ar fáil lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

na modhanna a úsáideann an institiúid chun meastachán a dhéanamh ar na caillteanais i gcás mainneachtana, lena n-áirítear ábharthacht gach modha éagsúil, i dtéarmaí mhéid na suíomhanna agus rannchuidiú leis an gceanglas cistí dílse maidir le riosca mainneachtana;

(b)

i gcás gach suímh, luach an chaillteanais i gcás mainneachtana, cibé acu is fofhiach, fiachas neamhurraithe sinsearach, banna faoi chumhdach, nó aon chineál suímh eile é an suíomh, agus cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(i)

tá an caillteanas i gcás mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála, agus cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear é i gcás na neamhchosanta leabhair trádála de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(6), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

níl an caillteanas i gcás mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid cur chuige IRB chun caillteanas an tsuímh i gcás mainneachtana a fháil de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bp(6), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(iii)

níl an caillteanas i gcás mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid modheolaíocht inmheánach a chomhlíonann ceanglais chur chuige IRB a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun é a fháil;

(iv)

níl an caillteanas i gcás mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid modheolaíocht inmheánach a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3(3) nó (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun é a fháil;

(v)

níl an caillteanas i gcás mainneachtana ar fáil faoi chur chuige IRB i gcás neamhchosaint leabhair neamhthrádála, agus cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid foinsí seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1578 chun é a fháil;

(c)

i gcás na suíomhanna uile, an aicme neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena mbaineann siad.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.