1. Beidh riosca aonair ag baint le beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha toisc go bhfuil smacht díreach nó indíreach ag duine acu ar an duine nó ar na daoine eile i gcás ina gceanglaítear ar dhuine acu ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú a bhaineann leis an duine eile nó na daoine eile i gcomhréir le hAirteagal 22(1) agus (2) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 10 mar atá leagtha síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit faoi seach.