+Airteagal 2 Spleáchas eacnamaíoch
---+Airteagal 2 1
---+Airteagal 2 2
|
Airteagal 2 Spleáchas eacnamaíoch
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1
|
1. Baineann riosca aonair le beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha toisc go bhfuil siad idirnasctha ar bhealach, i gcás ina mbeadh fadhbanna airgeadais ag duine acu, go háirithe deacrachtaí cistithe nó aisíocaíochta, ar dócha go mbeadh fadhbanna airgeadais ag an duine eile nó na daoine eile, in aon cheann de na himthosca seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
|
(a)
|
i gcás inar dócha go mbeidh dócmhainneacht nó mainneachtain ag duine nó daoine nádúrtha nó dlítheanach eile mar thoradh ar dhócmhainneacht nó mainneachtain an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh;
|
|
(b)
|
i gcás inar ráthaigh duine nádúrtha nó dlítheanach, go hiomlán nó i bpáirt, neamhchosaint duine nádúrtha nó dhlítheanaigh eile agus go bhfuil an neamhchosaint chomh suntasach sin don ráthóir gur dócha go mbeidh fadhbanna airgeadais ag an ráthóir má dhéantar éileamh;
|
|
(c)
|
i gcás ina ndíorthaítear cuid shuntasach d’ollfháltais nó d’ollchaiteachais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ó idirbhearta le duine nádúrtha nó dlítheanach eile nach féidir a ionadú ar bhonn tráthúil gan costais bhreise iomarcacha a thabhú;
|
|
(d)
|
i gcás ina ndéantar cuid shuntasach de na hearraí a thairgeann duine nádúrtha nó dlítheanach nó de na seirbhísí a sholáthraíonn duine nádúrtha nó dlítheanach a dhíol nó a sholáthar do dhuine nádúrtha nó dlítheanach eile agus nach féidir an ghaolmhaireacht sin a ionadú ar bhonn tráthúil gan costais bhreise iomarcacha a thabhú;
|
|
(e)
|
i gcás ina mbaineann cuid shuntasach d’infháltais nó de dhliteanais duine nádúrtha nó dhlítheanaigh le duine nádúrtha nó dlítheanach eile;
|
|
(f)
|
i gcás ina bhfuil an fhoinse cistí a bhfuil coinne léi chun iasachtaí bheirt daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó níos mó a aisíoc mar an gcéanna agus nach bhfuil foinse neamhspleách ioncaim eile ag aon duine de na daoine sin óna bhféadfar an iasacht a aisíoc ina hiomláine, agus nach féidir an fhoinse cistí a bhfuiltear ag súil léi a ionadú ar bhonn tráthúil gan costais bhreise iomarcacha a thabhú;
|
|
(g)
|
i gcás ina bhfuil coinne leis go gcruthódh fadhbanna airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh deacrachtaí do dhuine nádúrtha nó dlítheanach eile a dhliteanais a aisíoc go hiomlán agus ar bhonn tráthúil, toisc go bhfuil na daoine faoi dhliteanas dlíthiúil nó conarthach go comhpháirteach maidir leis an institiúid;
|
|
(h)
|
i gcás ina mbíonn beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha ag brath ar an bhfoinse chéanna le haghaidh fhormhór a gcistithe agus, i gcás dhócmhainneacht nó mhainneachtain na foinse cistí sin, nach féidir í a ionadú ar bhonn tráthúil gan costais bhreise iomarcacha a thabhú;
|
|
(i)
|
i gcás ina ndéantar beirt nó níos mó daoine dlítheanacha a bhainistiú ar bhonn aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 22(7), pointe (a) de Threoir 2013/34/AE;
|
|
(j)
|
i gcás ina bhfuil chuid mhór de chomhlacht bainistíochta bheirt nó níos mó daoine dlítheanacha comhdhéanta de na daoine céanna dá dtagraítear in Airteagal 22(7), pointe b de Threoir 2013/34/AE;
|
|
(k)
|
i gcás ina bhfuil an tromlach de na cearta vótála i mbeirt nó níos mó daoine dlítheanacha ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna.
|
|
|
Airteagal 2 2
|
2. De mhaolú ar mhír 1, i gcásanna eisceachtúla, i gcás inar féidir le hinstitiúid a léiriú nach bhfuil forlámhas ag aon riosca amháin in ainneoin go gcomhlíontar imthosca amháin nó níos mó dá dtagraítear sa mhír sin maidir le beirt nó níos mó daoine nádúrtha nó dlítheanacha, ní fhéadfaidh an institiúid na daoine sin a shainaithint mar ghrúpa cliant nasctha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1728
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|