+Article 5 2.

Article 5 2.

Cinnfidh an t-údarás ábhartha scór gach eintitis ábhartha sa sampla mar mheán simplí na scór catagóire faoi réir scór catagóire uasta 500 bonnphointe don chatagóir ina ndéantar inionadaitheacht a thomhas.

Déanfar gach scór catagóire, cé is moite den chatagóir lena dtomhaistear inionadaitheacht na seirbhísí agus an bhonneagair airgeadais arna sholáthar ag an ngrúpa, a ríomh mar mheán simplí na luachanna mar thoradh ar gach ceann de luachanna táscaire na catagóire sin a roinnt ar ainmneoir an táscaire ar thug ÚBE fógra ina leith.

Déanfar scór na catagóire lena dtomhaistear inionadaitheacht na seirbhísí agus an bhonneagair airgeadais arna soláthar ag an ngrúpa a ríomh mar mheán ualaithe luachanna táscaire na catagóire sin. Chun na críche sin, déanfar na táscairí le haghaidh sócmhainní faoi choimeád dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (a), agus le haghaidh gníomhaíochta íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (b), a ualú go hiomlán, agus déanfar na táscairí le haghaidh idirbheart frithgheallta i margaí fiachais agus cothromais dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (c), agus le haghaidh méid trádála dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (d), a ualú ag 50 %.

Cuirfear na scóir in iúl i mbonnphointí agus slánófar iad go dtí an bonnphointe iomlán is gaire.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1222
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.