+Preamble: 1
|
Preamble: 1
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 98(5a), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Tá na cásanna maoirseachta suaite sonraithe ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) (2) agus léirítear iad i dTreoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le bainistiú riosca ráta úis a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála (3) a bhfuil feidhm acu ón 30 Meitheamh 2019 ar aghaidh. Is iomchuí go gcuirfeadh na cásanna maoirseachta suaite a leagtar amach sa Rialachán seo leis an tsonraíocht agus leis an modheolaíocht sin.
|
|
(2)
|
Maidir leis na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha ba cheart do na hinstitiúidí a úsáid, ní mór iad a shonrú chun an luach eacnamaíoch cothromais agus an glanioncaim úis a ríomh. Chuige sin, chun an glanioncam úis a ríomh, ba cheart toimhde cláir chomhardaithe seasmhach thar thréimhse bliana a úsáid, agus, chun an luach eacnamaíoch cothromais a ríomh, ba cheart toimhde cláir chomhardaithe faoi leachtú nádúrtha a úsáid i gcás nach ndéantar suíomhanna atá ag teacht in aibíocht a ionadú. Is é is aidhm do na toimhdí sin cothromaíocht mhaith a sholáthar maidir le cruinneas ríomha, iontaofacht na meastachán agus castacht oibríochtúil.
|
|
(3)
|
Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir inchomparáideacht na dtorthaí a áirithiú agus an tsolúbthacht is gá mar gheall ar an tréimhse fhadtéarmach agus ar an gcastacht oibríochtúil bhunúsach a sholáthar, ba cheart corrlaigh tráchtála agus comhpháirteanna raon difríochta a áireamh agus an glanioncam úis á ríomh, ach chun an luach eacnamaíoch cothromais a ríomh, ba cheart d’institiúidí feidhmiú i gcomhréir lena gcur chuige inmheánach maidir le bainistiú agus tomhas le haghaidh riosca ráta úis sa leabhar neamhthrádála.
|
|
(4)
|
De réir chaighdeáin CBMB, aon tástáil asluiteach arna sainordú de bhreis ar an tástáil ar an luach eacnamaíoch cothromais, ba cheart tairseach a úsáid ina leith chun bainc asluiteach a shainaithint, ar tairseach í atá chomh dian céanna ar a laghad leis an tairseach a chuirtear i bhfeidhm ar an tástáil ar an luach eacnamaíoch cothromais (15 % de chaipiteal Leibhéal 1). Ba cheart an timpeallacht atá ann faoi láthair a léiriú leis an tairseach sin ar bhealach comhréireach atá fónta ó thaobh stuamachta de, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le deimhneacht dhlíthiúil agus comhchuibhiú a bhaint amach ar fud an Aontais, ag féachaint freisin don fhíoras nach gá go gceanglóidh sárú na dtairseach le haghaidh luach eacnamaíoch cothromais agus tástálacha asluiteach ar ghlanioncam úis ar institiúidí a socruithe, a bpróisis nó a sásraí inmheánacha agus a samhlacha agus a gcineálacha cur chuige comhfhreagracha a athchalabrú, ná nach gá go mbeidh feidhmiú uathoibríoch cumhachtaí maoirseachta i gceist leis an sárú sin, i gcás ina mbeidh bainistiú na hinstitiúide ar an riosca ráta úis a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhair neamhthrádála leordhóthanach ná comhréireach leis an tsamhail ghnó agus i gcás nach mbeidh an institiúid neamhchosanta go hiomarcach ar riosca den sórt sin.
|
|
(5)
|
Chun modheolaíochtaí comhchuibhithe a áirithiú le haghaidh na tástála maoirseachta asluiteach ar a bhfuil i gceist le meath mór ar ghlanioncam úis mar thoradh ar athrú tobann gan choinne ar rátaí úis, ba cheart tairseach thagartha a thabhairt isteach atá chomh dian céanna ar a laghad leis an tairseach don tástáil maoirseachta asluiteach ar an luach eacnamaíoch cothromais chomh maith le sonraíocht maidir le ríomh an ghlanioncaim úis.
|
|
(6)
|
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.
|
|
(7)
|
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúchán poiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R0856
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|