+Airteagal 3 2.

Airteagal 3 2.

I ndáil le contrapháirtí airgeadais, aon cheann de na nithe seo a leanas a bheidh in idirbheart laistigh de ghrúpa:

(a) 

conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile atá ina chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(i) 

tá an contrapháirtí airgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, ní shainaithnítear an tríú tír sin faoi mhír 4 ná faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 5;

(ii) 

is contrapháirtí airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá faoi réir ceanglais stuamachta iomchuí é an contrapháirtí eile;

(iii) 

áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán; agus

(iv) 

tá an dá contrapháirtí faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú;

(b) 

conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile, i gcás inar cuid den scéim cosanta institiúideach chéanna an dá chontrapháirtí, dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a)(ii) den mhír seo;

(c) 

conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar idir institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna nó idir institiúid creidmheasa den sórt sin agus an comhlacht lárnach, dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d) 

conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí neamhairgeadais atá mar chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

áirítear an dá chontrapháirtí sa chonradh díorthach sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus tá siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú; agus

(ii) 

tá an contrapháirtí neamhairgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, ní shainaithnítear an tríú tír sin faoi mhír 4 ná faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 5.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.