+Airteagal 3 Idirbhearta laistigh de ghrúpa
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
|
Airteagal 3 Idirbhearta laistigh de ghrúpa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Maidir le contrapháirtí neamhairgeadais, is é a bheidh in idirbheart laistigh de ghrúpa conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile atá mar chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus tá siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú; agus
(b)
tá an contrapháirtí eile sin bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, ní shainaithnítear an tríú tír sin faoi mhír 4 ná faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 5.
|
|
Airteagal 3 2.
|
I ndáil le contrapháirtí airgeadais, aon cheann de na nithe seo a leanas a bheidh in idirbheart laistigh de ghrúpa:
(a)
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile atá ina chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(i)
tá an contrapháirtí airgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, ní shainaithnítear an tríú tír sin faoi mhír 4 ná faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 5;
(ii)
is contrapháirtí airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá faoi réir ceanglais stuamachta iomchuí é an contrapháirtí eile;
(iii)
áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán; agus
(iv)
tá an dá contrapháirtí faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú;
(b)
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile, i gcás inar cuid den scéim cosanta institiúideach chéanna an dá chontrapháirtí, dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a)(ii) den mhír seo;
(c)
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar idir institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna nó idir institiúid creidmheasa den sórt sin agus an comhlacht lárnach, dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(d)
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí neamhairgeadais atá mar chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(i)
áirítear an dá chontrapháirtí sa chonradh díorthach sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus tá siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú; agus
(ii)
tá an contrapháirtí neamhairgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, ní shainaithnítear an tríú tír sin faoi mhír 4 ná faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 5.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Chun críocha an Airteagail seo, measfar contrapháirtithe a bheith san áireamh sa chomhdhlúthú céanna más rud é gur fíor aon cheann de na nithe seo a leanas maidir leis an dá chontrapháirtí:
(a)
tá siad san áireamh i gcomhdhlúthú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
) nó leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta de chuid tríú tír agus a chinntear a bheith coibhéiseach le IFRS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 ón gCoimisiún (
11
) (nó caighdeáin chuntasaíochta tríú tír a gceadaítear iad a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin); nó
(b)
tá siad cumhdaithe ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, ag an maoirseacht chomhdhlúite chéanna ag údarás inniúil tríú tír atá fíoraithe a bheith coibhéiseach leis an maoirseacht sin atá á rialú ag na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 127 den Treoir sin.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Chun críocha an Airteagail seo, ní thairbheoidh idirbhearta le contrapháirtithe atá bunaithe in aon cheann de na tríú tíortha seo a leanas d’aon cheann de na díolúintí d’idirbhearta laistigh de ghrúpa:
▼C5
(a)
i gcás inar tríú tír ardriosca í an tríú tír, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
12
);
▼M18
(b)
i gcás ina liostaítear an tríú tír in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach sa leagan is cothroime le dáta de.
|
|
Airteagal 3 5.
|
I gcás inarb iomchuí mar gheall ar shaincheisteanna sainaitheanta i socruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin tríú tír agus i gcás ina mbíonn rioscaí méadaithe mar thoradh ar na saincheisteanna sin, lena n-áirítear riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca dlíthiúil, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na tríú tíortha a shainaithint nach gceadaítear dá n-eintitis tairbhiú d’aon cheann de na díolúintí d’idirbhearta laistigh de ghrúpa in ainneoin nach tríú tíortha dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo iad na tríú tíortha sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|