|
+Airteagal 3 3. |
Airteagal 3 3.Chun críocha an Airteagail seo, measfar contrapháirtithe a bheith san áireamh sa chomhdhlúthú céanna más rud é gur fíor aon cheann de na nithe seo a leanas maidir leis an dá chontrapháirtí:
(a)
tá siad san áireamh i gcomhdhlúthú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) nó leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta de chuid tríú tír agus a chinntear a bheith coibhéiseach le IFRS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 ón gCoimisiún ( 11 ) (nó caighdeáin chuntasaíochta tríú tír a gceadaítear iad a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin); nó
(b)
tá siad cumhdaithe ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, ag an maoirseacht chomhdhlúite chéanna ag údarás inniúil tríú tír atá fíoraithe a bheith coibhéiseach leis an maoirseacht sin atá á rialú ag na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 127 den Treoir sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|