+Airteagal 4 1.

Airteagal 4 1.

Déanfaidh contrapháirtithe na conarthaí díorthacha uile a bhaineann le haicme díorthach thar an gcuntar a dearbhaíodh a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh a imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 5(2), más rud é i dtaca leis na conarthaí sin go gcomhlíonann siad araon na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gur tugadh i gcrích iad ar cheann de na slite seo a leanas:

▼M12

(i) 

idir dhá chontrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1);

(ii) 

idir contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) agus contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);

(iii) 

idir dhá chontrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);

(iv) 

idir, ar thaobh amháin, contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) nó contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus, ar an taobh eile, eintiteas a bhunaítear i dtríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbunófaí an t-eintiteas sin san Aontas;

▼B

(v) 

idir dhá eintiteas atá bunaithe i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas, ar choinníoll go mbeadh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag an gconradh sin laistigh den Aontas, nó inar riachtanach nó inarb iomchuí oibleagáid den sórt sin chun cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo a bheith á seachaint; agus

▼M12

(b) 

déantar iad a dhéanamh nó a nuachan an dáta óna dtiocfaidh an oibleagáid imréitigh i bhfeidhm, nó tar éis an dáta sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an dá chontrapháirtí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) ar an dáta a ndéantar iad a dhéanamh nó a athnuachan.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid chun na conarthaí díorthach thar an gcuntar uile a imréiteach maidir le conarthaí a thugtar i gcrích sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(iv), idir, ar thaobh amháin, contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4a(1), an dara fomhír, nó contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(1), an dara fomhír, agus, ar an taobh eile, socrú scéimeanna pinsin atá bunaithe i dtríú tír agus a fheidhmíonn ar bhonn náisiúnta, ar choinníoll go bhfuil sé údaraithe, maoirsithe agus aitheanta faoin dlí náisiúnta, agus i gcás inarb é is príomhchuspóir dó sochair scoir a sholáthar agus go bhfuil sé díolmhaithe ón oibleagáid imréitigh faoin dlí náisiúnta sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.