+Airteagal 4b 4.

Airteagal 4b 4.

Déanfaidh soláthraí seirbhíse PTRR an méid seo a leanas:

(a) 

rialacha réamh-chomhaontaithe an chleachtaidh PTRR a chomhlíonadh, lena n-áirítear modhanna agus algartaim i dtimthriallta réamhsceidealaithe, agus gníomhú ar bhealach réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;

(b) 

a áirithiú nach mbeidh aon tionchar ag eintitis atá rannpháirteach i gcleachtadh PTRR ar thoradh an chleachtaidh PTRR;

(c) 

tabhairt faoi chleachtaí tráthrialta comhbhrú i gcásanna ina mbíonn idirbhearta PTRR nua mar thoradh ar chleachtaí PTRR;

(d) 

taifid iomlána agus chruinne a choinneáil ar gach idirbheart a fhorghníomhaítear de bhun cleachtadh PTRR, lena n-áirítear:

(i) 

faisnéis faoi idirbhearta a rinneadh mar chuid den chleachtadh PTRR;

(ii) 

idirbhearta a eascraíonn as an gcleachtadh PTRR mar idirbhearta modhnaithe nó mar idirbhearta nua; agus

(iii) 

an t-athrú foriomlán ar riosca na bpunann éagsúil a áirítear sa chleachtadh PTRR;

(e) 

arna iarraidh sin, na taifid dá dtagraítear i bpointe (d) a chur ar fáil, gan moill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha agus do ESMA; agus

(f) 

faireachán a dhéanamh ar na hidirbhearta a eascraíonn as an gcleachtadh PTRR chun a áirithiú, a mhéid is féidir, nach mbeidh aon mhí-úsáid maidir leis an oibleagáid imréitigh nó dul timpeall uirthi mar thoradh ar an gcleachtadh PTRR.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.