+Airteagal 4b Seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála
---+Airteagal 4b 1.
---+Airteagal 4b 2.
---+Airteagal 4b 3.
---+Airteagal 4b 4.
---+Airteagal 4b 5.
---+Airteagal 4b 6.
|
Airteagal 4b Seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4b 1.
|
Gan dochar do theicnící maolaithe riosca faoi Airteagal 11, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) maidir le conradh díorthach thar an gcuntar a thionscnaítear agus a thugtar i gcrích mar thoradh ar chleachtadh laghdaithe riosca iarthrádála incháilithe (“PTRR”) (“idirbheart PTRR”) arna dhéanamh de bhun mhíreanna 2 go 4 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 4b 2.
|
Ní dhíolmhófar idirbheart PTRR ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)
comhlíonann an t-eintiteas a dhéanann an cleachtadh PTRR (“soláthraí seirbhíse PTRR”) na ceanglais a leagtar amach faoi mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo; agus
(b)
comhlíonann gach rannpháirtí sa chleachtadh PTRR na ceanglais faoi mhír 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 4b 3.
|
Maidir le cleachtadh PTRR incháilithe:
(a)
is eintiteas a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE atá neamhspleách ar na contrapháirtithe sna conarthaí díorthach thar an gcuntar a áirítear sa chleachtadh PTRR a dhéanfaidh é;
(b)
bainfear amach laghdú riosca leis i ngach ceann de na punanna a chuirtear faoi bhráid an chleachtaidh PTRR;
(c)
glacfar leis ina iomláine agus, mar thoradh air sin, ní bheidh na rannpháirtithe sa chleachtadh PTRR in ann a roghnú cé na trádálacha nach mór a fhorghníomhú faoin gcleachtadh PTRR;
(d)
ní bheidh sé oscailte le haghaidh rannpháirtíochta ach amháin do na heintitis a chuir punann faoi bhráid an chleachtaidh PTRR ar dtús;
(e)
beidh sé neodrach ó thaobh riosca don mhargadh de;
(f)
ní rannchuideoidh sé le praghasmhúnlú;
(g)
beidh sé i bhfoirm cleachtadh comhbhrú, athchothromaithe nó optamaithe nó teaglaim díobh sin;
(h)
cuirfear i gcrích é ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach.
|
|
Airteagal 4b 4.
|
Déanfaidh soláthraí seirbhíse PTRR an méid seo a leanas:
(a)
rialacha réamh-chomhaontaithe an chleachtaidh PTRR a chomhlíonadh, lena n-áirítear modhanna agus algartaim i dtimthriallta réamhsceidealaithe, agus gníomhú ar bhealach réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;
(b)
a áirithiú nach mbeidh aon tionchar ag eintitis atá rannpháirteach i gcleachtadh PTRR ar thoradh an chleachtaidh PTRR;
(c)
tabhairt faoi chleachtaí tráthrialta comhbhrú i gcásanna ina mbíonn idirbhearta PTRR nua mar thoradh ar chleachtaí PTRR;
(d)
taifid iomlána agus chruinne a choinneáil ar gach idirbheart a fhorghníomhaítear de bhun cleachtadh PTRR, lena n-áirítear:
(i)
faisnéis faoi idirbhearta a rinneadh mar chuid den chleachtadh PTRR;
(ii)
idirbhearta a eascraíonn as an gcleachtadh PTRR mar idirbhearta modhnaithe nó mar idirbhearta nua; agus
(iii)
an t-athrú foriomlán ar riosca na bpunann éagsúil a áirítear sa chleachtadh PTRR;
(e)
arna iarraidh sin, na taifid dá dtagraítear i bpointe (d) a chur ar fáil, gan moill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha agus do ESMA; agus
(f)
faireachán a dhéanamh ar na hidirbhearta a eascraíonn as an gcleachtadh PTRR chun a áirithiú, a mhéid is féidir, nach mbeidh aon mhí-úsáid maidir leis an oibleagáid imréitigh nó dul timpeall uirthi mar thoradh ar an gcleachtadh PTRR.
|
|
Airteagal 4b 5.
|
An t-údarás inniúil a d’údaraigh an soláthraí seirbhíse PTRR i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE, sular féidir idirbheart PTRR a eascraíonn as cleachtadh PTRR arna dhéanamh ag an soláthraí seirbhíse PTRR sin a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh sé an méid seo a leanas gan moill mhíchuí:
(a)
fógra a thabhairt do ESMA faoi ainm an tsoláthraí seirbhíse PTRR; agus
(b)
a mheasúnú a chomhroinnt le ESMA ar an gcaoi a gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse PTRR na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4.
Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheimhniú do ESMA, ar bhonn bliantúil ar a laghad, go leanann an soláthraí seirbhíse PTRR de na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chomhlíonadh nó nach bhfuil seirbhísí PTRR á soláthar a thuilleadh ag an soláthraí seirbhíse PTRR, de réir mar is infheidhme. Déanfaidh ESMA an fhaisnéis a fhaightear faoin gcéad fhomhír agus faoin dara fomhír den mhír seo a tharchur chuig údaráis gach Ballstáit ag a bhfuil cumhachtaí maoirseachta maidir leis an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1). Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt do ESMA i gcás nach gcomhlíonann soláthraí seirbhíse PTRR a thuilleadh na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4. Ar fhógra den sórt sin a fháil, bainfidh ESMA an soláthraí seirbhíse PTRR den liosta dá dtagraítear sa chúigiú fomhír den mhír seo. Ón dáta a baineadh an soláthraí seirbhíse PTRR den liosta sin, ní dhéanfar idirbhearta PTRR a eascraíonn as cleachtadh PTRR arna dhéanamh ag an soláthraí seirbhíse PTRR sin a dhíolmhú a thuilleadh ón oibleagáid imréitigh i gcomhréir le mír 1. Foilseoidh ESMA, ar bhonn bliantúil, liosta de na soláthraithe seirbhíse PTRR a dtugtar fógra do ESMA fúthu faoin gcéad fhomhír, pointe (a).
|
|
Airteagal 4b 6.
|
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na heilimintí agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 agus na coinníollacha nó na saintréithe eile seo a leanas a bhaineann le cleachtaí PTRR a shonrú tuilleadh:
(a)
cad is neodracht riosca margaidh ann i gcleachtadh PTRR;
(b)
an laghdú riosca is gá i bpunanna arna dtíolacadh;
(c)
an fhéidearthacht punanna measctha ina bhfuil idirbhearta imréitithe agus neamh-imréitithe araon a chuimsiú sa chleachtadh PTRR céanna agus na coinníollacha faoina gceadófaí cuimsiú den sórt sin;
(d)
ceanglais maidir leis an gcleachtadh PTRR a bhainistiú;
(e)
ceanglais le haghaidh cineálacha éagsúla seirbhísí PTRR;
(f)
an próiseas chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na díolúine a deonaíodh; agus
(g)
na critéir nach mór a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhfuiltear ag dul timpeall ar an oibleagáid imréitigh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|