+Airteagal 6a An oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí
---+Airteagal 6a 1.
---+Airteagal 6a 2.
---+Airteagal 6a 3.
---+Airteagal 6a 4.
---+Airteagal 6a 5.
---+Airteagal 6a 6.
---+Airteagal 6a 7.
---+Airteagal 6a 8.

Airteagal 6a An oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6a 1.

Is ceadmhach do ÚEUM iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) maidir le haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar nó cineál sonrach contrapháirtí a chur ar fionraí i gcás ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

níl na haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar oiriúnach a thuilleadh don imréiteach lárnach i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(4) agus in Airteagal 5(5);

(b) 

is dócha go scoirfidh contrapháirtí lárnach de na haicmí sonracha sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach agus nach bhfuil aon chontrapháirtí lárnach eile in ann na haicmí sonracha sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach gan bhriseadh;

(c) 

is gá an oibleagáid imréitigh do na haicmí sonracha sin de díorthaigh thar an gcuntar nó do chineál contrapháirtí sonrach a chur ar fionraí chun bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó chun feidhmiú ordúil mhargaí airgeadais an Aontais a sheachaint nó aghaidh a thabhairt uirthi agus tá an cur ar fionraí i gcomhréir leis na haidhmeanna sin.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír agus roimh an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22.

Gabhfaidh leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír fianaise gur comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach inti.

I gcás ina measfaidh ÚEUM gur athrú ábhartha sna critéir don oibleagáid trádála a bhfuil éifeacht leo dá dtagraítear in Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 é an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, féadfar a áireamh san iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo iarraidh an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(2) den Rialachán sin a chur ar fionraí freisin maidir leis na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hiarrata an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí.

Airteagal 6a 2.
Faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh agus na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 a éileamh go gcuirfeadh ÚEUM iarraidh an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh ag gabháil leis an iarraidh sin ón údarás inniúil, na cúiseanna atá léi agus fianaise a léireoidh gur comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo.

Laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis na hiarrata dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil ón údarás inniúil, ar bhonnna gcúiseanna agus na fianaise a chuirfidh an t-údarás inniúil ar fáil, iarrfaidh ÚEUM ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fionraí nó déanfaidh sé an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhiúltú. Cuirfidh ÚEUM an cinneadh sin in iúl don údarás inniúil lena mbaineann. I gcás ina ndiúltóidh ÚEUM an iarraidh a dhéanfaidh an t-údarás inniúil, cuirfidh sé cúiseanna ar fáil i scríbhinn.

Airteagal 6a 3.
Ní dhéanfar na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a phoibliú.
Airteagal 6a 4.
Déanfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 1 a fháil, ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise arna gcur ar fáil ag ÚEUM, an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, d'aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó don chineál sonrach contrapháirtí dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, é sin nó an cur ar fionraí arna iarraidh a dhiúltú. I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún an fionraí a iarradh, cuirfidh sé cúiseanna leis sin i scríbhinn chuig ÚEUM. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall air sin láithreach agus cuirfidh sé na cúiseanna arna soláthar do ÚEUM ar aghaidh chucu. Ní dhéanfar an fhaisnéis sin a phoibliú.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).

Airteagal 6a 5.
I gcás ina n-iarrfaidh ÚEUM é i gcomhréir leis an gceathrú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar, leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirtear an oibleagáid imréitigh ar fionraí d'aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar, an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 do na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar a chur ar fionraí freisin, atá faoi réir chur ar fionraí sin na hoibleagáide imréitigh.
Airteagal 6a 6.
Fionraí na hoibleagáide imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, an oibleagáid trádála, déanfar iad a chur in iúl do ÚEUM, agus déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus sa chlár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.
Airteagal 6a 7.
Beidh cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear i mír 4 bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach mó ná trí mhí ó dháta chur i bhfeidhm an chur ar fionraí sin.

Beidh cur ar fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 5 bailí ar feadh na tréimhse tosaigh céanna.

Airteagal 6a 8.
I gcás ina mbeidh feidhm i gcónaí leis na forais atá ann an fionraí a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh ama a chur leis an gcur ar fionraí dá dtagraítear i mír 4 ar feadh tréimhsí breise nach mó ná trí mhí, agus nach mó ná 12 mhí tréimhse iomlán an chur ar fionraí. Déanfar síneadh ama leis an gcur ar fionraí a fhoilsiú i gcomhréir le mír 6.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).

Déanfaidh ÚEUM, in am trátha roimh dheireadh na tréimhse cur ar fionraí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo nó roimh dheireadh na tréimhse sínidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm i gcónaí leis na forais a bhí ann leis an bhfionraí a chur i bhfeidhm. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfidh ÚEUM cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú.

Leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh, féadfar freisin síneadh a chur le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 7.

Beidh an síneadh a chuirfear le cur ar fionraí na hoibleagáide trádála bailí don tréimhse chéanna a gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.