|
+Airteagal 6a 8. |
Airteagal 6a 8.I gcás ina mbeidh feidhm i gcónaí leis na forais atá ann an fionraí a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh ama a chur leis an gcur ar fionraí dá dtagraítear i mír 4 ar feadh tréimhsí breise nach mó ná trí mhí, agus nach mó ná 12 mhí tréimhse iomlán an chur ar fionraí. Déanfar síneadh ama leis an gcur ar fionraí a fhoilsiú i gcomhréir le mír 6. Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3). Déanfaidh ÚEUM, in am trátha roimh dheireadh na tréimhse cur ar fionraí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo nó roimh dheireadh na tréimhse sínidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm i gcónaí leis na forais a bhí ann leis an bhfionraí a chur i bhfeidhm. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfidh ÚEUM cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú. Leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh, féadfar freisin síneadh a chur le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 7. Beidh an síneadh a chuirfear le cur ar fionraí na hoibleagáide trádála bailí don tréimhse chéanna a gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|