+Airteagal 6b Fionraí na hoibleagáide imréitigh i gcás réitigh
---+Airteagal 6b 1.
---+Airteagal 6b 2.
---+Airteagal 6b 3.
---+Airteagal 6b 4.
---+Airteagal 6b 5.
---+Airteagal 6b 6.
---+Airteagal 6b 7.
---+Airteagal 6b 8.
---+Airteagal 6b 9.
---+Airteagal 6b 10.

Airteagal 6b Fionraí na hoibleagáide imréitigh i gcás réitigh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6b 1.

I gcás ina gcomhlíonfaidh CPL na coinníollacha faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), féadfaidh údarás réitigh an CPL a ainmnítear faoi Airteagal 3(1) den Rialachán seo nó an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo, ar a dtionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht ar chomhalta imréitigh de chuid an CPL faoi réiteach, iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a chur ar fionraí i leith aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó i leith cineál sonrach contrapháirtí i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

na haicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a bhfuiltear ag iarraidh fionraí ina leith, údaraítear don CPL atá faoi réiteach iad a imréiteach; agus

(b) 

is gá an oibleagáid imréitigh d’aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó do chineál sonrach contrapháirtí a chur ar fionraí chun bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas maidir le réiteach an CPL, nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, agus tá an cur ar fionraí sin i gcomhréir leis na haidhmeanna sin.

Beidh fianaise go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den fhomhír sin ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Tabharfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír fógra faoina iarraidh réasúnaithe do ESMA agus do BERS, an tráth céanna a chuirtear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 6b 2.
Laistigh de 24 uair an chloig tar éis fógra faoin iarraidh a fháil ón údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, agus, a mhéid is féidir, tar éis dul i gcomhairle le BERS, déanfaidh ESMA tuairim a eisiúint maidir leis an bhfionraí atá beartaithe agus an gá le bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas, nó aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, á chur san áireamh, maidir leis na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23 agus maidir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo.
Airteagal 6b 3.
I gcás ina measfaidh ESMA go bhfuil fionraí na hoibleagáide imréitigh ina athrú ábhartha ar na critéir chun go ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid trádála dá dtagraítear in Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, féadfaidh ESMA iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus (2) den Rialachán sin a chur ar fionraí i leith na n-aicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hiarrata an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí.

Cuirfidh ESMA a iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus do BERS an tráth céanna a chuirtear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 6b 4.
Ní phoibleofar na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1 agus 3 agus an tuairim dá dtagraítear i mír 2.
Airteagal 6b 5.
Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 1 a fháil, ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise arna soláthar ag an údarás dá dtagraítear i mír 1, an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí i ndáil leis na haicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar le gníomh cur chun feidhme, nó an fionraí a dhiúltú.

Agus an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuairim a d’eisigh ESMA dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23, na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo maidir leis na haicmí díorthach thar an gcuntar sin agus an gá leis an bhfionraí chun bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú rianúil na margaí airgeadais san Aontas a sheachaint nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin.

I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún an fionraí a iarradh, tabharfaidh sé cúiseanna ina leith sin i scríbhinn don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus do ESMA. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle láithreach ina leith sin agus cuirfidh sé na cúiseanna a tugadh don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 ar aghaidh chucu agus chuig ESMA. Ní dhéanfar an fhaisnéis sin a phoibliú.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).

Airteagal 6b 6.
I gcás ina n-iarrfaidh ESMA é i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, féadfar leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirtear an oibleagáid imréitigh ar fionraí an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 do na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar a chur ar fionraí freisin, faoi réir chur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh.
Airteagal 6b 7.
Fionraí na hoibleagáide imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, na hoibleagáide trádála, déanfar iad a chur in iúl don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus do ESMA, agus déanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus sa chlár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.
Airteagal 6b 8.
Beidh fionraí na hoibleagáide imréitigh de bhun mhír 5 bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná trí mhí ó dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 6 bailí ar feadh na tréimhse tosaigh céanna.

Airteagal 6b 9.
I gcás ina mbeidh feidhm i gcónaí leis na forais atá ann an fionraí a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh ama a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear i mír 5 ar feadh tréimhsí breise nach mó ná trí mhí, agus nach mó ná 12 mhí tréimhse iomlán na fionraí. Déanfar aon síneadh ama leis an bhfionraí a fhoilsiú i gcomhréir le mír 7.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).

Airteagal 6b 10.
Féadfaidh aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 iarraidh a eisiúint don Choimisiún síneadh a chur le fionraí na hoibleagáide imréitigh, in am trátha roimh dheireadh na tréimhse fionraí tosaigh dá dtagraítear i mír 5 nó na tréimhse sínte dá dtagraítear i mír 9.

Beidh fianaise ag gabháil leis an iarraidh go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 á gcomhlíonadh i gcónaí.

Tabharfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír a iarraidh réasúnaithe do ESMA agus do BERS, an tráth céanna a thugtar an iarraidh don Choimisiún.

Ní dhéanfar an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a phoibliú.

Gan moill mhíchuí tar éis fógra faoin iarraidh a fháil, agus má mheasann sé gur gá sin, tar éis dul i gcomhairle le BERS, déanfaidh ESMA tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cé acu atá nó nach bhfuil feidhm fós ag na forais is bonn leis an bhfionraí, agus an gá le bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas, nó le haghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23, agus na critéir a leagtar amach i d’Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo á gcur san áireamh. Seolfaidh ESMA cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú.

Féadfaidh an gníomh cur chun feidhme a chuireann síneadh le fionraí na hoibleagáide imréitigh síneadh a chur freisin le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 6.

Beidh an síneadh a chuirfear le fionraí na hoibleagáide trádála bailí ar feadh na tréimhse céanna leis an síneadh a chuirfear le fionraí na hoibleagáide imréitigh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.