|
+Airteagal 6b 1. |
Airteagal 6b 1.I gcás ina gcomhlíonfaidh CPL na coinníollacha faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), féadfaidh údarás réitigh an CPL a ainmnítear faoi Airteagal 3(1) den Rialachán seo nó an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo, ar a dtionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht ar chomhalta imréitigh de chuid an CPL faoi réiteach, iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a chur ar fionraí i leith aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó i leith cineál sonrach contrapháirtí i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
na haicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a bhfuiltear ag iarraidh fionraí ina leith, údaraítear don CPL atá faoi réiteach iad a imréiteach; agus
(b)
is gá an oibleagáid imréitigh d’aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó do chineál sonrach contrapháirtí a chur ar fionraí chun bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas maidir le réiteach an CPL, nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, agus tá an cur ar fionraí sin i gcomhréir leis na haidhmeanna sin. Beidh fianaise go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den fhomhír sin ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Tabharfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír fógra faoina iarraidh réasúnaithe do ESMA agus do BERS, an tráth céanna a chuirtear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|