+Airteagal 7a 1.
|
Airteagal 7a 1.
Contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagail 4a agus 10 an 24 Nollaig 2024, nó a thiocfaidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh ina dhiaidh sin, agus a sháraíonn an tairseach imréitigh in aon cheann de na catagóirí conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, i gcatagóir aonair a liostaítear sa mhír sin nó ar bhonn comhiomlán thar na catagóirí uile a liostaítear sa mhír sin, sealbhóidh siad, le haghaidh na gcatagóirí sin de chonarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, cuntas gníomhach amháin ar a laghad ag CPL a údaraítear faoi Airteagal 14, i gcás ina soláthraíonn an CPL sin seirbhísí imréitigh do na díorthaigh lena mbaineann, agus déanfaidh siad líon ionadaíoch trádálacha ar a laghad a imréiteach sa chuntas gníomhach sin. I gcás ina dtagann contrapháirtí airgeadais nó contrapháirtí neamhairgeadais faoi réir na hoibleagáide cuntas gníomhach a shealbhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, tabharfaidh an contrapháirtí airgeadais nó an contrapháirtí neamhairgeadais sin fógra faoi do ESMA agus dá údarás inniúil ábhartha agus bunóidh sé cuntas gníomhach den sórt sin laistigh de 6 mhí ón uair a bheidh sé faoi réir na hoibleagáide sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|