+Airteagal 7a Cuntas gníomhach
---+Airteagal 7a 1.
---+Airteagal 7a 2.
---+Airteagal 7a 3.
---+Airteagal 7a 4.
---+Airteagal 7a 5.
---+Airteagal 7a 6.
---+Airteagal 7a 7.
---+Airteagal 7a 8.
---+Airteagal 7a 9.
---+Airteagal 7a 10.

Airteagal 7a Cuntas gníomhach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7a 1.
Contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagail 4a agus 10 an 24 Nollaig 2024, nó a thiocfaidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh ina dhiaidh sin, agus a sháraíonn an tairseach imréitigh in aon cheann de na catagóirí conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, i gcatagóir aonair a liostaítear sa mhír sin nó ar bhonn comhiomlán thar na catagóirí uile a liostaítear sa mhír sin, sealbhóidh siad, le haghaidh na gcatagóirí sin de chonarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, cuntas gníomhach amháin ar a laghad ag CPL a údaraítear faoi Airteagal 14, i gcás ina soláthraíonn an CPL sin seirbhísí imréitigh do na díorthaigh lena mbaineann, agus déanfaidh siad líon ionadaíoch trádálacha ar a laghad a imréiteach sa chuntas gníomhach sin.

I gcás ina dtagann contrapháirtí airgeadais nó contrapháirtí neamhairgeadais faoi réir na hoibleagáide cuntas gníomhach a shealbhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, tabharfaidh an contrapháirtí airgeadais nó an contrapháirtí neamhairgeadais sin fógra faoi do ESMA agus dá údarás inniúil ábhartha agus bunóidh sé cuntas gníomhach den sórt sin laistigh de 6 mhí ón uair a bheidh sé faoi réir na hoibleagáide sin.

Airteagal 7a 2.
Agus a oibleagáidí maidir le mír 1 á gcinneadh aige, déanfaidh contrapháirtí a bhaineann le grúpa atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite san Aontas breithniú ar na conarthaí díorthach uile dá dtagraítear i mír 6 a dhéanann an contrapháirtí sin nó na heintitis eile atá laistigh den ghrúpa a imréiteach, ar grúpa é lena mbaineann an contrapháirtí sin cé is moite d’idirbhearta laistigh de ghrúpa.
Airteagal 7a 3.

Contrapháirtithe a thagann faoi réir na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, áiritheoidh siad go gcomhlíonfar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a) 

tá an cuntas ag feidhmiú go buan, lena n-áirítear le doiciméadacht dhlíthiúil, nascacht TF agus próisis inmheánacha a bhaineann leis an gcuntas a bheith i bhfeidhm;

(b) 

tá córais agus acmhainní ar fáil don chontrapháirtí le bheith in ann, go hoibríochtúil, an cuntas a úsáid, fiú ar gearrfhógra, le haghaidh méideanna móra de na conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo i gcónaí agus le bheith in ann sreabhadh mór idirbheart a fháil, i dtréimhse ghearr ama, ó shuíomhanna arna sealbhú i seirbhís imréitigh a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil léi de bhun Airteagal 25(2c);

(c) 

is féidir trádálacha nua uile an chontrapháirtí faoi seach sna conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 a imréiteach sa chuntas i gcónaí;

(d) 

déanann an contrapháirtí imréiteach sa chuntas gníomhach trádálacha atá ionadaíoch ar na conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a imréitítear ag seirbhís imréitigh a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil léi de bhun Airteagal 25(2c) le linn na tréimhse tagartha.

Airteagal 7a 4.

Déanfar measúnú ar an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), de réir na gcritéar seo a leanas:

(a) 

na haicmí éagsúla conarthaí díorthach;

(b) 

aibíocht na dtrádálacha;

(c) 

na méideanna trádála.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), maidir le contrapháirtithe ag a bhfuil méid barúlach imréitigh gan íoc atá níos lú ná EUR 6 bhilliún sna conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6.

Is ar fhochatagóirí a bhunófar an measúnú ar an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d). I gcás gach aicme conarthaí díorthach, is toradh ar theaglaim de mhéideanna éagsúla na dtrádálacha agus de na raonta aibíochta a bheidh i líon na bhfochatagóirí.

Comhlíonfaidh an contrapháirtí na ceanglais dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b) agus (c), laistigh de 6 mhí ón uair a thiocfaidh sé faoi réir na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus tuairisceoidh an contrapháirtí sin go tráthrialta i gcomhréir le hAirteagal 7b. Déanfar tástáil struis go tráthrialta ar na ceanglais uair amháin sa bhliain ar a laghad.

Chun go gcomhlíonfar an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), déanfaidh na contrapháirtithe cúig thrádáil ar a laghad a imréiteach, ar bhonn meán bliantúil, i ngach ceann de na fochatagóirí is ábhartha de réir aicme conarthaí díorthach agus in aghaidh na tréimhse tagartha a shainítear i gcomhréir le mír 8, an tríú fomhír. I gcás inar mó líon na dtrádálacha dá thoradh sin ná leath na dtrádálacha iomlána a bhí ag an gcontrapháirtí sin don 12 mhí roimhe sin, measfar an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), a bheith comhlíonta i gcás ina n-imréitíonn an contrapháirtí sin trádáil amháin ar a laghad i ngach ceann de na fochatagóirí is ábhartha in aghaidh na haicme conarthaí díorthach in aghaidh na tréimhse tagartha.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), maidir le seirbhísí imréitigh cliant a sholáthar. Agus méid barúlach imréitigh contrapháirtí gan íoc dá dtagraítear i mír 8, an ceathrú fomhír, á ríomh, ní áireofar a ghníomhaíochtaí imréitigh cliant.

Airteagal 7a 5.
Contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais atá faoi réir na hoibleagáide dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a imréitíonn 85 % ar a laghad dá gconarthaí díorthach a bhaineann leis na catagóirí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo ag CPL a údaraítear faoi Airteagal 14, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b) agus (c), den Airteagal seo, ón gceanglas dá dtagraítear i mír 4, an ceathrú fomhír, den Airteagal seo agus ón gceanglas tuairiscithe breise dá dtagraítear in Airteagal 7b(2).
Airteagal 7a 6.

Is iad seo a leanas na catagóirí conarthaí díorthach a bheidh faoi réir na hoibleagáide dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

díorthaigh ráta úis arna n-ainmniú in euro nó i zloty na Polainne;

(b) 

díorthaigh ráta úis ghearrthéarmaigh arna n-ainmniú in euro.

Airteagal 7a 7.
I gcás ina ndéanann ESMA measúnú de bhun Airteagal 25(2c) agus i gcás ina gcinneann sé go bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil le seirbhísí nó gníomhaíochtaí áirithe arna soláthar ag CPLanna Leibhéal 2 don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, nó nach bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil a thuilleadh le seirbhísí nó gníomhaíochtaí a shainaithin ESMA roimhe sin mar sheirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil leo don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, féadfar liosta na gconarthaí atá faoi réir na hoibleagáide cuntais ghníomhaigh a leasú.

Chun liosta na gconarthaí atá faoi réir oibleagáidí cuntais ghníomhaigh a leasú, cuirfidh ESMA faoi bhráid an Choimisiúin, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le comhaontú ó na bainc cheannais eisiúna, anailís chríochnúil agus chuimsitheach costais is tairbhe, i gcomhréir leis an measúnú teicniúil cainníochtúil a shonraítear in Airteagal 25(2c), an chéad fhomhír, pointe (c), de réir mar is ábhartha, lena n-áirítear éifeachtaí ar airgeadraí eile de chuid an Aontais, agus ina ndéantar measúnú ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na hoibleagáidí cuntais ghníomhaigh a leathnú chuig na cineálacha nua conarthaí, agus tuairim i dtaca leis an measúnú sin. Ní bhainfidh comhaontú na mbanc ceannais eisiúna ach leis na conarthaí atá ainmnithe san airgeadra a eisíonn siad.

I gcás ina ndéanann ESMA an measúnú agus ina n-eisíonn sé tuairim ina gcinntear gur cheart liosta na gconarthaí a leasú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun liosta na gconarthaí díorthach faoin gcéad fhomhír den mhír seo a leasú.

Airteagal 7a 8.
Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC agus BERS agus tar éis dó dul i gcomhairle le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na ceanglais faoi mhír 3, pointí (a), (b) agus (c), den Airteagal seo, coinníollacha na tástála struis ina leith agus mionsonraí an tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 7b a shonrú tuilleadh. Agus na caighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh ESMA san áireamh méid phunanna na gcontrapháirtithe éagsúla de réir an tríú fomhír den mhír seo, ionas go mbeidh contrapháirtithe a bhfuil níos mó trádálacha acu ina bpunanna faoi réir coinníollacha oibríochtúla agus ceanglais tuairiscithe níos déine ná contrapháirtithe a bhfuil níos lú trádálacha acu.

Maidir leis an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), sonróidh ESMA na haicmí éagsúla conarthaí díorthach, faoi réir teorainn trí aicme, na raonta aibíochta éagsúla, faoi réir teorainn ceithre raon aibíochta, agus na raonta éagsúla méide trádála, faoi réir teorainn trí raon méide trádála, chun ionadaíochas na gconarthaí díorthach atá le himréiteach trí na cuntais ghníomhacha a áirithiú.

Socróidh ESMA líon na bhfochatagóirí is ábhartha in aghaidh na haicme conarthaí díorthach, nach mbeidh níos airde ná 5 cinn, atá le léiriú sa chuntas gníomhach. Is iad a bheidh sna fochatagóirí is ábhartha na fochatagóirí sin ina bhfuil an líon is airde trádálacha le linn na tréimhse tagartha.

Socróidh ESMA freisin fad na tréimhse tagartha, nach mbeidh níos lú ná 6 mhí i gcás contrapháirtithe ag a bhfuil méid barúlach imréitigh gan íoc atá níos lú ná EUR 100 billiún sna conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 agus nach lú ná mí amháin i gcás contrapháirtithe a bhfuil méid barúlach imréitigh gan íoc atá níos mó ná EUR 100 billiún acu sna conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Meitheamh 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 7a 9.
Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán, ar bhonn eintitis, grúpa agus meánluach comhiomlán, ar leibhéal na gníomhaíochta sna conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, agus déanfaidh siad an leibhéal sin a ríomh ar an mbonn céanna, agus tarchuirfidh siad an fhaisnéis sin chuig an Sásra Faireacháin Comhpháirteach.

Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis agus pionóis a fhorchur, i gcás ina bhfaightear go bhfuil a oibleagáidí faoin Airteagal seo á sárú ag contrapháirtí airgeadais nó neamhairgeadais, déanfaidh a údarás inniúil, le cinneadh, pionóis riaracháin nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, nó iarrfaidh sé ar údaráis bhreithiúnacha inniúla pionóis nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, chun iallach a chur ar an gcontrapháirtí sin deireadh a chur lena shárú.

Beidh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil dá dtagraítear sa dara fomhír éifeachtach agus comhréireach agus ní bheidh sí níos mó ná 3 % ar a mhéad den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin. Déanfar í a fhorchur ar gach lá moille, agus déanfar í a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil dá dtagraítear sa dara fomhír a fhorchur ar feadh uastréimhse 6 mhí tar éis an fógra faoi chinneadh an údaráis inniúil a fháil. Tar éis dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar an mbeart agus cuirfidh sé síneadh leis más gá.

Airteagal 7a 10.
Faoin 25 Meitheamh 2026, i ndlúthchomhar le CEBC agus BERS, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Sásra Faireacháin Comhpháirteach, déanfaidh ESMA measúnú ar éifeachtacht an Airteagail seo maidir le maolú a dhéanamh ar na rioscaí cobhsaíochta airgeadais don Aontas arb ionann iad agus neamhchosaintí contrapháirtithe de chuid an Aontais ar CPLanna Leibhéal 2 a thairgeann seirbhísí a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil leo de bhun Airteagal 25(2c).

Cuirfidh ESMA tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún i dteannta an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear measúnú tionchair lánréasúnaithe ar bhearta comhlántacha, lena n-áirítear tairseacha cainníochtúla.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, tíolacfaidh ESMA a mheasúnú agus a mholtaí tráth ar bith tar éis dó fógra foirmiúil a fháil ón Sásra Faireacháin Comhpháirteach, ina léirítear gur dócha go dtiocfaidh rioscaí cobhsaíochta airgeadais don Aontas chun cinn mar thoradh ar imthosca sonracha a spreag teagmhas a bhfuil impleachtaí sistéamacha aige.

Laistigh de 6 mhí ón tuarascáil ó ESMA dá dtagraítear sa dara fomhír a fháil, ullmhóidh an Coimisiún a thuarascáil féin agus féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.