+Airteagal 7a 7.
|
Airteagal 7a 7.
I gcás ina ndéanann ESMA measúnú de bhun Airteagal 25(2c) agus i gcás ina gcinneann sé go bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil le seirbhísí nó gníomhaíochtaí áirithe arna soláthar ag CPLanna Leibhéal 2 don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, nó nach bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil a thuilleadh le seirbhísí nó gníomhaíochtaí a shainaithin ESMA roimhe sin mar sheirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil leo don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, féadfar liosta na gconarthaí atá faoi réir na hoibleagáide cuntais ghníomhaigh a leasú. Chun liosta na gconarthaí atá faoi réir oibleagáidí cuntais ghníomhaigh a leasú, cuirfidh ESMA faoi bhráid an Choimisiúin, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le comhaontú ó na bainc cheannais eisiúna, anailís chríochnúil agus chuimsitheach costais is tairbhe, i gcomhréir leis an measúnú teicniúil cainníochtúil a shonraítear in Airteagal 25(2c), an chéad fhomhír, pointe (c), de réir mar is ábhartha, lena n-áirítear éifeachtaí ar airgeadraí eile de chuid an Aontais, agus ina ndéantar measúnú ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na hoibleagáidí cuntais ghníomhaigh a leathnú chuig na cineálacha nua conarthaí, agus tuairim i dtaca leis an measúnú sin. Ní bhainfidh comhaontú na mbanc ceannais eisiúna ach leis na conarthaí atá ainmnithe san airgeadra a eisíonn siad. I gcás ina ndéanann ESMA an measúnú agus ina n-eisíonn sé tuairim ina gcinntear gur cheart liosta na gconarthaí a leasú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun liosta na gconarthaí díorthach faoin gcéad fhomhír den mhír seo a leasú.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|