|
+Airteagal 7a 10. |
Airteagal 7a 10.Faoin 25 Meitheamh 2026, i ndlúthchomhar le CEBC agus BERS, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Sásra Faireacháin Comhpháirteach, déanfaidh ESMA measúnú ar éifeachtacht an Airteagail seo maidir le maolú a dhéanamh ar na rioscaí cobhsaíochta airgeadais don Aontas arb ionann iad agus neamhchosaintí contrapháirtithe de chuid an Aontais ar CPLanna Leibhéal 2 a thairgeann seirbhísí a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil leo de bhun Airteagal 25(2c). Cuirfidh ESMA tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún i dteannta an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear measúnú tionchair lánréasúnaithe ar bhearta comhlántacha, lena n-áirítear tairseacha cainníochtúla. D’ainneoin na chéad fhomhíre, tíolacfaidh ESMA a mheasúnú agus a mholtaí tráth ar bith tar éis dó fógra foirmiúil a fháil ón Sásra Faireacháin Comhpháirteach, ina léirítear gur dócha go dtiocfaidh rioscaí cobhsaíochta airgeadais don Aontas chun cinn mar thoradh ar imthosca sonracha a spreag teagmhas a bhfuil impleachtaí sistéamacha aige. Laistigh de 6 mhí ón tuarascáil ó ESMA dá dtagraítear sa dara fomhír a fháil, ullmhóidh an Coimisiún a thuarascáil féin agus féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|