+Airteagal 7c Faisnéis faoi sholáthar seirbhísí imréitigh
---+Airteagal 7c 1.
---+Airteagal 7c 2.
---+Airteagal 7c 3.
---+Airteagal 7c 4.
|
Airteagal 7c Faisnéis faoi sholáthar seirbhísí imréitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7c 1.
|
Comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh ag CPL a údaraítear faoi Airteagal 14 agus ag CPL a dtugtar aitheantas dó faoi Airteagal 25, cuirfidh siad a gcliaint ar an eolas, i gcás ina bhfuil an tairiscint ar fáil, faoin bhféidearthacht a gconarthaí a imréiteach trí CPL a údaraítear faoi Airteagal 14.
|
|
Airteagal 7c 2.
|
D’ainneoin Airteagal 4(3a), nochtfaidh comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh do chliaint, ar bhealach soiléir agus intuigthe, do gach CPL ag a soláthraíonn siad seirbhísí imréitigh, na táillí atá le gearradh ar chliaint den sórt sin as seirbhísí imréitigh a sholáthar agus aon táillí eile a ghearrtar lena n-áirítear táillí a ghearrtar ar chliaint a chuireann costais ar aghaidh, agus costais ghaolmhara eile a bhaineann le seirbhísí imréitigh a sholáthar.
|
|
Airteagal 7c 3.
|
Déanfaidh comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar:
(a)
nuair a bhunaíonn siad caidreamh imréitigh cliant le cliant; agus
(b)
ar bhonn ráithiúil ar a laghad.
|
|
Airteagal 7c 4.
|
Forbróidh ESMA, i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an cineál faisnéise dá dtagraítear i mír 2 a shonrú tuilleadh. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|