|
+Airteagal 7d 1. |
Airteagal 7d 1.Déanfaidh comhaltaí imréitigh agus cliaint a imréitíonn conarthaí trí CPL a dtugtar aitheantas dó faoi Airteagal 25 gníomhaíocht imréitigh den sórt sin a thuairisciú mar a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil siad bunaithe san Aontas ach nach bhfuil siad mar chuid de ghrúpa atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite san Aontas, tuairisceoidh siad dá n-údaráis inniúla;
(b)
i gcás inar cuid de ghrúpa iad atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite san Aontas, tuairisceoidh máthairghnóthas an Aontais den ghrúpa sin gníomhaíocht imréitigh den sórt sin ar bhonn comhdhlúite dá údarás inniúil. Beidh faisnéis faoi raon feidhme na gníomhaíochta imréitigh sa CPL aitheanta a dhéantar ar bhonn bliantúil sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír lena sonraítear an méid seo a leanas:
(a)
cineál na n-ionstraimí airgeadais nó na n-ionstraimí neamhairgeadais a imréitíodh;
(b)
na meánluachanna a imréitíodh i gcaitheamh 1 bhliain amháin in aghaidh an airgeadra de chuid an Aontais agus in aghaidh na haicme sócmhainne;
(c)
méid na héarlaise a bailíodh;
(d)
na ranníocaíochtaí leis an gciste mainneachtana; agus
(e)
an oibleagáid íocaíochta is mó. Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír a tharchur go pras chuig ESMA agus chuig an Sásra Faireacháin Comhpháirteach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|