+Airteagal 7d Faisnéis faoi ghníomhaíocht imréitigh i CPLanna a dtugtar aitheantas dóibh faoi Airteagal 25
---+Airteagal 7d 1.
---+Airteagal 7d 2.
---+Airteagal 7d 3.
|
Airteagal 7d Faisnéis faoi ghníomhaíocht imréitigh i CPLanna a dtugtar aitheantas dóibh faoi Airteagal 25
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7d 1.
|
Déanfaidh comhaltaí imréitigh agus cliaint a imréitíonn conarthaí trí CPL a dtugtar aitheantas dó faoi Airteagal 25 gníomhaíocht imréitigh den sórt sin a thuairisciú mar a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil siad bunaithe san Aontas ach nach bhfuil siad mar chuid de ghrúpa atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite san Aontas, tuairisceoidh siad dá n-údaráis inniúla;
(b)
i gcás inar cuid de ghrúpa iad atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite san Aontas, tuairisceoidh máthairghnóthas an Aontais den ghrúpa sin gníomhaíocht imréitigh den sórt sin ar bhonn comhdhlúite dá údarás inniúil.
Beidh faisnéis faoi raon feidhme na gníomhaíochta imréitigh sa CPL aitheanta a dhéantar ar bhonn bliantúil sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír lena sonraítear an méid seo a leanas:
(a)
cineál na n-ionstraimí airgeadais nó na n-ionstraimí neamhairgeadais a imréitíodh;
(b)
na meánluachanna a imréitíodh i gcaitheamh 1 bhliain amháin in aghaidh an airgeadra de chuid an Aontais agus in aghaidh na haicme sócmhainne;
(c)
méid na héarlaise a bailíodh;
(d)
na ranníocaíochtaí leis an gciste mainneachtana; agus
(e)
an oibleagáid íocaíochta is mó.
Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír a tharchur go pras chuig ESMA agus chuig an Sásra Faireacháin Comhpháirteach.
|
|
Airteagal 7d 2.
|
Déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC agus BERS agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun inneachar na faisnéise atá le tuairisciú agus leibhéal mionsonraithe na faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, agus na bealaí tuairiscithe atá ann cheana agus an fhaisnéis atá ar fáil cheana do ESMA faoin gcreat tuairiscithe atá ann cheana á gcur san áireamh, lena n-áirítear an oibleagáid tuairiscithe faoi Airteagal 9. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 7d 3.
|
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid na faisnéise atá le cur faoi bhráid an údaráis inniúil dá dtagraítear i mír 1 a shonrú, agus bealaí tuairiscithe atá ann cheana á gcur san áireamh. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|