+Airteagal 7e Faisnéis faoi CPLanna de chuid an Aontais
---+Airteagal 7e 1.
---+Airteagal 7e 2.
---+Airteagal 7e 3.

Airteagal 7e Faisnéis faoi CPLanna de chuid an Aontais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7e 1.

Déanfaidh CPLanna a údaraítear faoi Airteagal 14 an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a thuairisciú do ESMA ar bhonn míosúil tríd an mbunachar sonraí lárnach arna bhunú ag ESMA de bhun Airteagal 17c (“an bunachar sonraí lárnach”):

(a) 

na luachanna agus na méideanna a imréitítear in aghaidh an airgeadra agus in aghaidh na haicme sócmhainne, lena n-áirítear luach na suíomhanna arna sealbhú ag rannpháirtithe imréitigh;

(b) 

infheistíochtaí an CPL;

(c) 

caipiteal an CPL, lena n-áirítear acmhainní dílse tiomnaithe a úsáidtear sa mhainneachtain i bhfoirm cascáide amhail dá dtagraítear in Airteagal 45(4) den Rialachán seo agus in Airteagal 9(14) de Rialachán (AE) 2021/23;

(d) 

ceanglais éarlaise na gcomhaltaí imréitigh, ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana, agus acmhainní atá geallta go conarthach sa bhainistiú mainneachtana nó sna pleananna téarnaimh dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/23;

(e) 

leormhaitheas na héarlaise agus na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana agus na n-acmhainní cascáide i ndáil le hAirteagail 41, 42 agus 45;

(f) 

acmhainní leachtacha an CPL atá ar fáil agus torthaí na tástála struis leachtachta;

(g) 

mionsonraí na gcomhaltaí imréitigh, na gcliant a shealbhaíonn cuntais leithscartha aonair, tríú páirtithe a sholáthraíonn mórghníomhaíochtaí atá nasctha le bainistiú riosca an CPL, soláthraithe leachtachta ábhartha atá nasctha leis an CPL, chomh maith le CPLanna idir-inoibritheacha agus nasctha;

(h) 

aon athrú atá curtha chun feidhme go díreach ag an CPL i gcomhréir le hAirteagal 15a.

Beidh rochtain ag comhaltaí choláiste an CPL dá dtagraítear in Airteagal 18 ar an bhfaisnéis arna soláthar i gcomhréir leis an Airteagal seo tríd an mbunachar sonraí lárnach.

Airteagal 7e 2.
Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE agus CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun mionsonraí agus ábhar na faisnéise atá le soláthar faoi mhír 1 a shonrú tuilleadh.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 7e 3.
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na caighdeáin sonraí agus na formáidí sonraí a shonrú don fhaisnéis atá le tuairisciú i gcomhréir le mír 1.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.