|
+Airteagal 7e 1. |
Airteagal 7e 1.Déanfaidh CPLanna a údaraítear faoi Airteagal 14 an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a thuairisciú do ESMA ar bhonn míosúil tríd an mbunachar sonraí lárnach arna bhunú ag ESMA de bhun Airteagal 17c (“an bunachar sonraí lárnach”):
(a)
na luachanna agus na méideanna a imréitítear in aghaidh an airgeadra agus in aghaidh na haicme sócmhainne, lena n-áirítear luach na suíomhanna arna sealbhú ag rannpháirtithe imréitigh;
(b)
infheistíochtaí an CPL;
(c)
caipiteal an CPL, lena n-áirítear acmhainní dílse tiomnaithe a úsáidtear sa mhainneachtain i bhfoirm cascáide amhail dá dtagraítear in Airteagal 45(4) den Rialachán seo agus in Airteagal 9(14) de Rialachán (AE) 2021/23;
(d)
ceanglais éarlaise na gcomhaltaí imréitigh, ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana, agus acmhainní atá geallta go conarthach sa bhainistiú mainneachtana nó sna pleananna téarnaimh dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/23;
(e)
leormhaitheas na héarlaise agus na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana agus na n-acmhainní cascáide i ndáil le hAirteagail 41, 42 agus 45;
(f)
acmhainní leachtacha an CPL atá ar fáil agus torthaí na tástála struis leachtachta;
(g)
mionsonraí na gcomhaltaí imréitigh, na gcliant a shealbhaíonn cuntais leithscartha aonair, tríú páirtithe a sholáthraíonn mórghníomhaíochtaí atá nasctha le bainistiú riosca an CPL, soláthraithe leachtachta ábhartha atá nasctha leis an CPL, chomh maith le CPLanna idir-inoibritheacha agus nasctha;
(h)
aon athrú atá curtha chun feidhme go díreach ag an CPL i gcomhréir le hAirteagal 15a. Beidh rochtain ag comhaltaí choláiste an CPL dá dtagraítear in Airteagal 18 ar an bhfaisnéis arna soláthar i gcomhréir leis an Airteagal seo tríd an mbunachar sonraí lárnach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|