|
+Airteagal 9 1a. |
Airteagal 9 1a.Contrapháirtithe airgeadais, agus iad amháin, a bheidh freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích le contrapháirtí neamhairgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) a thuairisciú thar ceann an dá chontrapháirtí agus, ina theannta sin, as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú. Chun a áirithiú go mbeidh na sonraí go léir ag an gcontrapháirtí airgeadais a a bhfuil gá aige leo chun an oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais na mionsonraí a sholáthar don chontrapháirtí airgeadais, ar mionsonraí iad a bhaineann leis na conarthaí díorthach thar an gcuntar a tugadh chun críche eatarthu agus nach féidir a bheith ag súil leis le réasún go mbeidís i seilbh an chontrapháirtí airgeadais. Is ar an gcontrapháirtí neamhairgeadais a bheidh an fhreagracht a áirithiú go mbeidh na mionsonraí sin cruinn. In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais sin atá tar éis infheistiú cheana féin i gcóras tuairiscithe a chinneadh mionsonraí a gconarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú do chontrapháirtithe airgeadais nó do stór trádála. Sa chás sin, cuirfidh na contrapháirtithe neamhairgeadais an cinneadh sin in iúl do na contrapháirtithe airgeadais lenar thug siad conarthaí díorthach thar an gcuntar chun críche sula ndéanfaidh siad na mionsonraí sin a thuairisciú. Sa chás sin, is iad na contrapháirtithe neamhairgeadais a bheidh freagrach, agus faoi dhliteanas dlíthiúil maidir leis na mionsonraí sin a thuairisciú agus maidir lena gcruinneas a áirithiú. Contrapháirtí neamhairgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus a thugann conradh díorthach thar an gcuntar chun críche le heintiteas arna bhunú i dtríú tír, ní cheanglófar air tuairisciú de bhun an Airteagail seo agus ní bheidh sé dliteanach go dlíthiúil mionsonraí maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar den sórt sin a thuairisciú ná cruinneas na mionsonraí sin a áirithiú, ar choinníoll:
(a)
go mbeadh an t-eintiteas tríú tír sin cáilithe mar chontrapháirtí airgeadais dá mbunófaí san Aontas é; agus
(c)
gur thuairiscigh an contrapháirtí sin de chuid tríú tír an fhaisnéis sin de bhun chóras dlí an tríú tír sin lena tuairisciú do stór trádála atá faoi réir oibleagáid infheidhmithe atá ceangailteach ó thaobh dlí rochtain dhíreach láithreach ar na sonraí a dheonú do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|