+Airteagal 9 Oibleagáid tuairiscithe
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 1a.
---+Airteagal 9 1b.
---+Airteagal 9 1c.
---+Airteagal 9 1d.
---+Airteagal 9 1e.
---+Airteagal 9 1f.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 4a.
---+Airteagal 9 5.
---+Airteagal 9 6.
|
Airteagal 9 Oibleagáid tuairiscithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí aon chonradh díorthach a chuir siad i gcrích agus aon mhodhnú nó foirceannadh i leith an chonartha sin a thuairisciú i gcomhréir le míreanna 1a go 1f den Airteagal seo do stór trádála a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 55 nó a sainaithníodh i gcomhréir le hAirteagal 77. Déanfar na mionsonraí a thuairisciú tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre tar éis an conradh a chur i gcrích, a mhodhnú nó a fhoirceannadh. Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais, contrapháirtithe neamhairgeadais agus CPLanna atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe nósanna imeachta agus socruithe iomchuí a chur i bhfeidhm chun cáilíocht na sonraí a thuairiscíonn siad i gcomhréir leis an Airteagal seo a áirithiú. I gcás ina gcomhlíonann contrapháirtí neamhairgeadais atá mar chuid de ghrúpa na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(1), an dara fomhír, agus ina dtairbhíonn sé den díolúine a leagtar amach sa chúigiú fomhír den mhír seo, tuairisceoidh máthairghnóthas an Aontais den chontrapháirtí neamhairgeadais sin na glansuíomhanna comhiomlána de réir aicme díorthach an chontrapháirtí neamhairgeadais sin dá údarás inniúil ar bhonn seachtainiúil. I gcás contrapháirtí atá bunaithe san Aontas, roinnfidh údarás inniúil an mháthairghnóthais an fhaisnéis le ESMA agus le húdarás inniúil an chontrapháirtí sin. Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach:
(a)
a rinneadh roimh an 12 Feabhra 2014 agus atá fós le híoc an dáta sin;
(b)
a rinneadh an 12 Feabhra 2014 nó tar a éis sin.
D'ainneoin Airteagal 3, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach laistigh den ghrúpa céanna i gcás inar contrapháirtí neamhairgeadais ceann amháin, ar a laghad, de na contrapháirtithe nó i gcás ina mbeadh sé incháilithe mar chontrapháirtí neamhairgeadais dá mbeadh sé bunaithe san Aontas, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:
(a)
áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán;
(b)
tá an dá contrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú; agus
(c)
ní contrapháirtí airgeadais é an máthairghnóthas.
Tabharfaidh na contrapháirtithe fógra dá n-údaráis inniúla go bhfuil sé beartaithe acu an díolúine dá dtagraítear sa tríú fomhír a chun i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí ach i gcás nach dtiocfaidh na húdaráis inniúla a gcuirtear fógra chucu, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ar chomhaontú maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear sa tríú fomhír.
|
|
Airteagal 9 1a.
|
Contrapháirtithe airgeadais, agus iad amháin, a bheidh freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích le contrapháirtí neamhairgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) a thuairisciú thar ceann an dá chontrapháirtí agus, ina theannta sin, as cruinneas na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú. Chun a áirithiú go mbeidh na sonraí go léir ag an gcontrapháirtí airgeadais a a bhfuil gá aige leo chun an oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais na mionsonraí a sholáthar don chontrapháirtí airgeadais, ar mionsonraí iad a bhaineann leis na conarthaí díorthach thar an gcuntar a tugadh chun críche eatarthu agus nach féidir a bheith ag súil leis le réasún go mbeidís i seilbh an chontrapháirtí airgeadais. Is ar an gcontrapháirtí neamhairgeadais a bheidh an fhreagracht a áirithiú go mbeidh na mionsonraí sin cruinn. In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais sin atá tar éis infheistiú cheana féin i gcóras tuairiscithe a chinneadh mionsonraí a gconarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú do chontrapháirtithe airgeadais nó do stór trádála. Sa chás sin, cuirfidh na contrapháirtithe neamhairgeadais an cinneadh sin in iúl do na contrapháirtithe airgeadais lenar thug siad conarthaí díorthach thar an gcuntar chun críche sula ndéanfaidh siad na mionsonraí sin a thuairisciú. Sa chás sin, is iad na contrapháirtithe neamhairgeadais a bheidh freagrach, agus faoi dhliteanas dlíthiúil maidir leis na mionsonraí sin a thuairisciú agus maidir lena gcruinneas a áirithiú. Contrapháirtí neamhairgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus a thugann conradh díorthach thar an gcuntar chun críche le heintiteas arna bhunú i dtríú tír, ní cheanglófar air tuairisciú de bhun an Airteagail seo agus ní bheidh sé dliteanach go dlíthiúil mionsonraí maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar den sórt sin a thuairisciú ná cruinneas na mionsonraí sin a áirithiú, ar choinníoll:
(a)
go mbeadh an t-eintiteas tríú tír sin cáilithe mar chontrapháirtí airgeadais dá mbunófaí san Aontas é; agus
(c)
gur thuairiscigh an contrapháirtí sin de chuid tríú tír an fhaisnéis sin de bhun chóras dlí an tríú tír sin lena tuairisciú do stór trádála atá faoi réir oibleagáid infheidhmithe atá ceangailteach ó thaobh dlí rochtain dhíreach láithreach ar na sonraí a dheonú do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3).
|
|
Airteagal 9 1b.
|
Beidh comhlacht bainistíochta GCUI freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as tuairisciú mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar inar contrapháirtí é an GCUI sin, agus as cirte na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú freisin.
|
|
Airteagal 9 1c.
|
Beidh AIFM freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as tuairisciú mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar inar contrapháirtí é an AIF ábhartha agus as cirte na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú freisin.
|
|
Airteagal 9 1d.
|
An t-eintiteas údaraithe atá freagrach as IORP a bhainistiú agus as gníomhú ar a shon, agus nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh sé freagrach agus dliteanach go dlíthiúil as tuairisciú mionsonraí conarthaí díorthach thar an gcuntar inar contrapháirtí é an IORP sin agus as cirte na mionsonraí arna dtuairisciú a áirithiú freisin.
|
|
Airteagal 9 1e.
|
Contrapháirtithe agus CPLanna a bhfuil sé de cheangal orthu mionsonraí na gconarthaí díorthach a thuairisciú, áiritheoidh siad go ndéanfar na mionsonraí sin a thuairisciú i gceart agus gan dúbailt, lena n-áirítear i gcás inar tarmligeadh an oibleagáid tuairiscithe i gcomhréir le mír 1f.
|
|
Airteagal 9 1f.
|
Féadfaidh contrapháirtithe agus contrapháirtithe lárnacha atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1 an oibleagáid tuairiscithe sin a tharmligean.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Coimeádfaidh na contrapháirtithe taifead d'aon chonradh díorthach a bheidh curtha i gcrích acu agus d'aon mhodhnú ar feadh cúig bliana ar a laghad tar éis an conradh a fhoirceannadh.
|
|
Airteagal 9 3.
|
I gcás nach mbeidh stór trádála ar fáil chun taifeadadh a dhéanamh ar mhionsonraí conartha díothach, áiritheoidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha go ndéanfar mionsonraí den sórt sin a thuairisciú do ÚEUM. Sa chás sin, áiritheoidh ÚEUM go mbeidh rochtain ag na heintitis ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 81(3) ar mhionsonraí uile na gconarthaí díorthachaa theastaíonn uathu chun a ndualgais agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 9 4.
|
Maidir le contrapháirtí nó contrapháirtí lárnaigh a thuairiscíonn mionsonraí conartha díorthach do stór trádála nó do ÚEUM, nó maidir le heintiteas a thuairiscíonn mionsonraí den sórt sin thar ceann contrapháirtí nó contrapháirtí lárnaigh, ní bhreithneofar é a bheith ag sárú aon srian maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur ag an gconradh sin nó ag aon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin. Níor cheart go mbeadh aon dliteanas ar an eintiteas tuairiscithe nó ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe ag éirí as an nochtadh sin.
|
|
Airteagal 9 4a.
|
Faoin 25 Nollaig 2025, dréachtóidh ESMA, i gcomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, a shonrú tuilleadh.
|
|
Airteagal 9 5.
|
D'fhonn feidhmiú comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí agus cineál na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 le haghaidh na n-aicmí éagsúla díorthach. Sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, sna tuarascála dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3:
(a)
na páirtithe sa chonradh díorthach agus, murab ionann iad, tairbhí na gceart agus na n-oibleagáidí a thagann as;
(b)
príomhthréithe na gconarthaí díorthacha, lena n-áirítear a gcineáil, an aibíocht fholuiteach, an luach barúlach, an praghas agus an dáta socraíochta.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 9 6.
|
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 3, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh ina sonrófar:
(a)
caighdeáin agus formáidí sonraí na faisnéise a bheidh le tuairisciú, ina mbeidh ceann amháin den mhéid seo a leanas ar a laghad:
(i)
aitheantóirí domhanda eintitis dhlítheanaigh (LEInna);
(ii)
uimhreacha aitheantais idirnáisiúnta urrús ( ISINanna);
(iii)
aitheantóirí uathúla trádála (UTInna);
(b)
na modhanna agus na socruithe maidir le tuairisciú;
(c)
minicíocht na dtuarascálacha;
(d)
an dáta faoina ndéanfar conarthaí díorthach a thuairisciú.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á gceapadh aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a aontófar ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda, agus a gcomhsheasmhacht leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2015/2365 (
17
) agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|