|
+Airteagal 11 3a. |
Airteagal 11 3a.De mhaolú ar mhír 3, ní bheidh roghanna aonstoic ná roghanna innéacs cothromais nach bhfuil imréitithe ag CPL faoi réir nósanna imeachta bainistithe riosca lena n-éilítear malartú comhthaobhachta atá tráthúil, beacht agus leithscartha go hiomchuí. Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, faireachán ar an méid seo a leanas:
(a)
forbairtí rialála i ndlínsí tríú tír maidir le láimhseáil roghanna aonstoic agus roghanna innéacs cothromais;
(b)
tionchar an mhaolaithe a leagtar síos sa chéad fhomhír ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar chobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit; agus
(c)
forbairt neamhchosaintí i roghanna aonstoic agus roghanna innéacs cothromais nach bhfuil imréitithe ag CPL. Gach 3 bliana ar a laghad ón 24 Nollaig 2024, déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, na fionnachtana a eascraíonn as a fhaireachán dá dtagraítear sa dara fomhír a thuairisciú don Choimisiún. Laistigh de bhliain amháin tar éis dó an tuarascáil dá dtagraítear sa tríú fomhír a fháil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na nithe seo a leanas:
(a)
an amhlaidh atá níos mó cóineasaithe ann maidir le láimhseáil roghanna aonstoic agus roghanna innéacs cothromais mar thoradh ar fhorbairtí idirnáisiúnta; agus
(b)
an amhlaidh a chuireann an maolú a leagtar síos sa chéad fhomhír cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó cobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit i mbaol; Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an Rialachán seo a leasú tríd an maolú a leagtar síos sa chéad fhomhír a chúlghairm tar éis tréimhse oiriúnaithe. Ní rachaidh an tréimhse oiriúnaithe thar 2 bhliain. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|