|
+Airteagal 11 6. |
Airteagal 11 6.Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a), (b) nó (c) a a bheidh déanta ag contrapháirtithe atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón dá údarás inniúla ábhartha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;
(b)
nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha. Mura n-éiríonn leis na húdaráis inniúla teacht ar chinneadh dearfach laistigh de 30 lá féilire tar éis dóibh an t-iarratas ar dhíolúine a fháil, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar comhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|