|
+Airteagal 11 15. |
Airteagal 11 15.Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh na ÚEManna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála comhchoiteanna ina sonrófar na nithe seo a leanas:
(a)
na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta, mar aon leis na socruithe um leithscaradh dá dtagraítear i mír 3;
(aa)
na nósanna imeachta maoirseachta, chun bailíochtú tosaigh agus leanúnach na nósanna imeachta bainistithe riosca dá dtagraítear i mír 3 a áirithiú arna gcur i bhfeidhm ag institiúidí creidmheasa a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE agus ag gnólachtaí infheistíochta a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ag a bhfuil, nó a bhaineann le grúpa ag a bhfuil, meánmhéid barúlach míosúil gan íoc de dhíorthaigh thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach dar luach EUR 750 billiún ar a laghad, arna ríomh i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála atá le forbairt ag na ÚMEnna i gcomhréir leis an mír seo;
(b)
na nósanna imeachta atá le leanúint ag na contrapháirtithe agus ag na húdaráis inniúla ábhartha nuair a chuirfear na díolúintí faoi mhír 6 go mír 10 i bhfeidhm;
(c)
na critéir infheidhme dá dtagraítear i mír 5 go mír 10 lena n-áirítear go háirithe gach ar cheart a mheas mar bhac praiticiúil nó dlíthiúil ar aistriú pras cistí dílse idir contrapháirtithe agus ar dhliteanais a aisíoc eatarthu. Déanfar an leibhéal agus an cineál comhthaobhachta i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó arna gcur i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí an Rialacháin seo, agus a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 4(5) den Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18, agus in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 agus de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin] a chinneadh agus cuirfear san áireamh aon bhaic ar chomhthaobhacht a mhalartú maidir le socruithe comhthaobhachta a bheidh ann cheana faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, cé is moite de na dréachtchaighdeáin sin dá dtagraítear i bpointe (aa) den chéad fhomhír, faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2018. Cuirfidh ÚBE, i gcomhar le ESMA, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (aa), faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Ag brath ar nádúr dlíthiúil an chontrapháirtí, tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|