+Airteagal 12 Pionóis
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 1a.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
|
Airteagal 12 Pionóis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na rialacha faoin Teideal seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Áireofar fíneálacha riaracháin, ar a laghad, ar na pionóis sin. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.
|
|
Airteagal 12 1a.
|
Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh do phionóis choiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh an t-údarás inniúil, le cinneadh, pionóis riaracháin nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, nó a iarraidh ar údaráis bhreithiúnacha inniúla pionóis nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, ar na heintitis atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe de bhun Airteagal 9 i gcás ina bhfuil earráidí follasacha córasacha arís agus arís eile sna mionsonraí a thuairiscítear. Ní bheidh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos mó ná 1 % ar a mhéad den mheánláimhdeachas laethúil don bhliain ghnó roimhe sin, a mbeidh sé d’oibleagáid ar an eintiteas, i gcás sárú leanúnach, a íoc as gach lá a leantar den sárú, go dtí go mbunófar nó go n-athbhunófar comhlíonadh na hoibleagáide. Féadfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse 6 mhí ar a mhéad ón dáta a leagtar amach sa chinneadh ón údarás inniúil lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chontrapháirtithe airgeadais, agus, i gcás inarb iomchuí, ar chontrapháirtithe neamhairgeadais, gach pionós a forchuireadh i leith sáruithe ar Airteagal 4 go hAirteagal 5 agus Airteagal 7 go hAirteagal 11 a nochtadh don phobal, mura rud é go gcuirfeadh nochtadh den sórt sin na margaí airgeadais i mbaol mór nó go ndéanfadh sé damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha um measúnú a fhoilsiú go tráthrialta maidir le héifeachtacht na rialacha pionóis a bheidh á gcur i bhfeidhm. Sa nochtadh agus foilsiú sin, ní bheidh sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 95/46/CE. Faoin 17 Feabhra 2013, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar air ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Ní dhéanfaidh sárú ar na rialacha faoin Teideal seo difear do bhailíocht conartha díorthach thar an gcuntar ná don fhéidearthacht go bhféadfadh na páirtithe forálacha an chonartha díorthach thar an gcuntar a fhorfheidhmiú. Ní bheidh aon cheart cúitimh ann ó pháirtí i gconradh díorthach thar an gcuntar mar thoradh ar shárú ar na rialacha faoin Teideal seo.
|
|
Airteagal 12 4.
|
De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 1a, i gcás nach ndéantar foráil i gcóras dlí Ballstáit do phionóis riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm ar bhealach go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an pionós a thionscnamh agus go ndéanfaidh na húdaráis bhreithiúnacha an pionós a fhorchur, agus é á áirithiú go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu leis na pionóis riaracháin arna bhforchur ag na húdaráis inniúla. In aon chás, beidh na pionóis a fhorchuirtear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlíthe a ghlacann siad de bhun na míre seo faoin 24 Nollaig 2024 agus, gan mhoill, faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanann difear dóibh.
|
|
Airteagal 12 5.
|
Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC agus BERS, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú cad is earráidí follasacha córasacha ann amhail dá dtagraítear i mír 1a. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|