+Airteagal 14 Contrapháirtí Lárnach a Údarú
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.

Airteagal 14 Contrapháirtí Lárnach a Údarú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag duine dlítheanach atá bunaithe san Aontas seirbhísí imréitigh a sholáthar mar chontrapháirtí lárnach, cuirfidh sé iarratas ar údarú chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe (údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh), i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17.
Airteagal 14 2.
A luaithe a bheidh údarú a deonaithe i gcomhréir le hAirteagal 17, beidh éifeacht leis i gcríoch iomlán an Aontais.
Airteagal 14 3.
Deonófar an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh seirbhísí agus gníomhaíochtaí atá nasctha le himréiteach agus sonrófar ann na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a bhfuil an CPL údaraithe seirbhísí imréitigh a sholáthar nó a chomhlíonadh ina leith, lena n-áirítear na haicmí díorthach, urrús, ionstraimí airgeadais eile nó ionstraimí neamhairgeadais a chumhdaítear le húdarú den sórt sin.

Eintiteas a dhéanann iarratas ar údarú mar CPL chun ionstraimí airgeadais a imréiteach, áireoidh sé ina iarratas na haicmí ionstraimí neamhairgeadais atá oiriúnach lena n-imréiteach agus atá beartaithe ag CPL den sórt sin a imréiteach.

Airteagal 14 4.
Déanfaidh contrapháirtí lárnach na coinníollacha atá riachtanach d'údarú a chomhlíonadh i gcónaí.

Tabharfaidh contrapháirtí lárnach, gan aon mhoill mhíchuí, fógra don údarás inniúil i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha d'údarú.

Airteagal 14 5.
I dtaca le contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe ina gcríoch, níor cheart go gcuirfeadh údarú dá dtagraítear i mír 1 cosc ar na Ballstáit ó cheanglais bhreise a ghlacadh nó leanúint dá gcur i bhfeidhm, lena n-áirítear ceanglais áirithe um údarú faoi Threoir 2006/48/CE.
Airteagal 14 6.
Forbróidh ESMA, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar an liosta de na doiciméid a cheanglaítear agus atá le bheith ag gabháil le hiarratas ar údarú amhail dá dtagraítear i mír 1 agus chun sonrú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá le bheith sna doiciméid sin d’fhonn a léiriú go gcomhlíonann an CPL is iarratasóir ceanglais ábhartha uile an Rialacháin seo.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nolaig 2025.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14 7.
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun sonrú a dhéanamh ar fhormáid leictreonach an iarratais ar údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo atá le tíolacadh chuig an mbunachar sonraí lárnach.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.