|
+Airteagal 17b 4. |
Airteagal 17b 4.Laistigh de 10 lá oibre ó thuairimí ó ESMA agus ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 a fháil agus, i gcás ina n-eisítear í, ón tuairim ó ESMA arna glacadh faoi mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo a fháil, nó laistigh den tréimhse ábhartha i gcás ina sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, déanfaidh údarás inniúil an CPL, tar éis dó na tuairimí ó ESMA agus ón gcoláiste a bhreithniú go cuí, lena n-áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá iontu, a chinneadh, a thuarascáil nó a bheart eile a ghlacadh de réir mar a cheanglaítear faoi airteagal ábhartha agus tarchuirfidh sé chuig ESMA agus chuig an gcoláiste é. I gcás nach léirítear tuairim ó ESMA ná ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 leis an gcinneadh, tuarascáil nó beart eile, lena n-áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá inti, beidh cúiseanna iomlána agus míniú iontu ar aon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na coinníollacha nó na moltaí sin. Chun críocha mhír 3, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an CPL an tuairim ó ESMA ná aon choinníoll ná aon mholadh a áirítear inti, nó i gcás nach bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh, cuirfidh ESMA a Bhord Maoirseoirí ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 24a. Áireofar san fhaisnéis freisin an réasúnaíocht ó údarás inniúil an CPL maidir leis an neamhchomhlíonadh nó maidir leis an rún atá aige gan comhlíonadh a dhéanamh. Glacfaidh údarás inniúil an CPL a chinntí, a thuarascálacha nó a bhearta eile i gcomhréir leis na hAirteagail ábhartha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|