+Airteagal 17b Nós imeachta le haghaidh cinntí, tuarascálacha nó bearta eile a ghlacadh
---+Airteagal 17b 1.
---+Airteagal 17b 2.
---+Airteagal 17b 3.
---+Airteagal 17b 4.
|
Airteagal 17b Nós imeachta le haghaidh cinntí, tuarascálacha nó bearta eile a ghlacadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17b 1.
|
Déanfaidh údarás inniúil an CPL iarraidh ar thuairim a thíolacadh i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach:
(a)
ó ESMA, de bhun Airteagal 23a(2), i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás inniúil an CPL cinneadh, tuarascáil nó beart eile a ghlacadh i ndáil le hAirteagail 7, 8, 20, 21, 29 go 33, 35, 36, 37, 41 agus 54;
(b)
ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, de bhun Airteagal 19, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás inniúil an CPL cinneadh, tuarascáil nó beart eile a ghlacadh i ndáil le hAirteagail 20, 21, 30, 31, 32, 35, 37, 41, 49, 51 agus 54.
Déanfar an iarraidh ar thuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, mar aon leis na doiciméid ábhartha uile, a chomhroinnt láithreach le ESMA agus leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18.
|
|
Airteagal 17b 2.
|
Mura sonraítear a mhalairt faoi airteagal ábhartha, déanfaidh údarás inniúil an CPL, laistigh de 30 lá oibre ón iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh, measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha ag CPL. Faoi dheireadh na tréimhse measúnúcháin sin, déanfaidh údarás inniúil an CPL a dhréachtchinneadh, a thuarascáil nó a bheart eile faoi seach a tharchur chuig ESMA agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18.
|
|
Airteagal 17b 3.
|
Mura sonraítear a mhalairt faoi airteagal ábhartha, tar éis an iarraidh ar thuairim dá dtagraítear i mír 1 agus na dréachtchinntí, na tuarascálacha nó na bearta eile dá dtagraítear i mír 2 araon a fháil:
(a)
maidir le hAirteagal 20, glacfaidh ESMA tuairim lena ndéantar measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha ag an CPL i gcomhréir le hAirteagal 23a(1), pointe (e), Airteagal 23a(2) agus Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc); tarchuirfidh ESMA a thuairim chuig údarás inniúil an CPL agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18; féadfaidh ESMA a áireamh ina thuairim aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé a bheith riachtanach chun aon easnamh i mbainistiú riosca an CPL a mhaolú, i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais; maidir le hAirteagail 21 agus 37, déanfaidh ESMA freisin tuairim a ghlacadh i gcomhréir leis na hAirteagail sin agus i gcomhréir le hAirteagal 23a(2) agus le hAirteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus féadfaidh ESMA aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé a bheith riachtanach a áireamh ina thuairim;
(b)
maidir le hAirteagail 7, 8, 29 go 33, 35, 36, 41, agus 54, féadfaidh ESMA tuairim a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23a agus Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), maidir leis an dréachtchinneadh sin, tuarascáil nó beart eile i gcás inar gá chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus comhleanúnach airteagail ábhartha a chur chun cinn; agus
(c)
glacfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim de bhun Airteagal 19 ina ndéantar measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha ag an CPL agus tarchuirfidh sé an tuairim sin chuig údarás inniúil an CPL agus chuig ESMA; féadfar coinníollacha nó moltaí a áireamh i dtuairim an choláiste sin a mheasann sé a bheith riachtanach chun aon easnaimh i mbainistiú riosca an CPL a mhaolú.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), den mhír seo, i gcás ina léirítear easpa cóineasaithe nó comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo sa dréachtchinneadh, sa tuarascáil nó sa bheart eile a chuirtear faoi bhráid ESMA i gcomhréir leis an bpointe sin, eiseoidh ESMA treoirlínte nó moltaí chun an chomhsheasmhacht nó an comhleanúnachas is gá a chur chun cinn i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás ina nglacann ESMA tuairim i gcomhréir le pointe (b), tabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí uirthi agus cuirfidh sé ESMA ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht a dhéantar ina leith ina dhiaidh sin. Glacfaidh ESMA agus an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 araon a dtuairimí faoin sprioc-am a chuireann údarás inniúil an CPL ar fáil, sprioc-am a bheidh ann 15 lá oibre ar a laghad tar éis na doiciméid ábhartha faoi mhír 2 den Airteagal seo a fháil.
|
|
Airteagal 17b 4.
|
Laistigh de 10 lá oibre ó thuairimí ó ESMA agus ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 a fháil agus, i gcás ina n-eisítear í, ón tuairim ó ESMA arna glacadh faoi mhír 3, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo a fháil, nó laistigh den tréimhse ábhartha i gcás ina sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, déanfaidh údarás inniúil an CPL, tar éis dó na tuairimí ó ESMA agus ón gcoláiste a bhreithniú go cuí, lena n-áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá iontu, a chinneadh, a thuarascáil nó a bheart eile a ghlacadh de réir mar a cheanglaítear faoi airteagal ábhartha agus tarchuirfidh sé chuig ESMA agus chuig an gcoláiste é. I gcás nach léirítear tuairim ó ESMA ná ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 leis an gcinneadh, tuarascáil nó beart eile, lena n-áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá inti, beidh cúiseanna iomlána agus míniú iontu ar aon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na coinníollacha nó na moltaí sin. Chun críocha mhír 3, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an CPL an tuairim ó ESMA ná aon choinníoll ná aon mholadh a áirítear inti, nó i gcás nach bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh, cuirfidh ESMA a Bhord Maoirseoirí ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 24a. Áireofar san fhaisnéis freisin an réasúnaíocht ó údarás inniúil an CPL maidir leis an neamhchomhlíonadh nó maidir leis an rún atá aige gan comhlíonadh a dhéanamh. Glacfaidh údarás inniúil an CPL a chinntí, a thuarascálacha nó a bhearta eile i gcomhréir leis na hAirteagail ábhartha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|