+Airteagal 18 Coláiste
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.

Airteagal 18 Coláiste

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
Laistigh de 30 lá féilire ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 17(2), an dara fomhír, pointe (a), a thíolacadh, bunóidh údarás inniúil an CPL coláiste chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 15, 17, 17a, 20, 21, 30, 31, 32, 35, 37, 41, 49, 51 agus 54 a éascú. Déanfaidh an t-údarás inniúil agus aon duine de chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna dá dtagraítear in Airteagal 24a(2), pointe (b), (“na comhchathaoirligh”) comhchathaoirleacht agus bainistiú ar an gcoláiste sin.
Airteagal 18 2.

Is éard a bheidh sa choláiste:

▼M14

(a) 

an Cathaoirleach nó ceann ar bith de na comhaltaí neamhspleácha ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 24a(2);

▼B

(b) 

údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh;

▼M14

(c) 

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an CPL atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an CPL dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo ar bhonn comhiomlán in imeacht tréimhse bliana, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, BCE faoi chuimsiú na gcúraimí maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 18 ).

▼M14

(ca) 

údaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an CPL, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (c), faoi réir toiliú a fháil ó údarás inniúil an CPL. Iarrfaidh na húdaráis inniúla sin toiliú údarás inniúil an CPL le bheith rannpháirteach sa choláiste agus údar á thabhairt acu leis an iarratas bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag anás airgeadais CPL ar chobhsaíocht airgeadais a mBallstáit faoi seach. I gcás nach ndeonóidh údarás inniúil an CPL an iarraidh, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin i scríbhinn.

▼B

(d) 

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála, a soláthraíonn an contrapháirtí lárnach seirbhísí dóibh;

(e) 

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;

(f) 

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar thaisclanna urrús lárnacha a bhfuil na contrapháirtithe lárnacha nasctha leo;

(g) 

na comhaltaí ábhartha de CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí lárnach agus na comhaltaí iomchuí de CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil socruithe maidir le hidir-inoibritheacht bunaithe leo;

(h) 

bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí Aontais is ábhartha do na hionstraimí airgeadais a imréitítear;

▼M14

(i) 

bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPL nó atá le himréiteach ag CPL seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (h), faoi réir toiliú údarás inniúil an CPL. Iarrfaidh na bainc cheannais eisiúna sin toiliú údarás inniúil an CPL le bheith rannpháirteach sa choláiste agus údar á thabhairt acu leis an iarratas bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag anás airgeadais CPL ar a n-airgeadra eisiúna faoi seach. I gcás nach ndeonóidh údarás inniúil an CPL an iarraidh, tabharfaidh údarás inniúil an CPL cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin i scríbhinn.

Foilseoidh údarás inniúil an CPL liosta de chomhaltaí an choláiste ar a shuíomh gréasáin. Déanfaidh údarás inniúil an CPL an liosta sin a nuashonrú gan moill mhíchuí tar éis aon athrú a dhéanfar ar chomhdhéanamh an choláiste. Cuirfidh údarás inniúil an CPL fógra chuig ESMA maidir leis an liosta sin laistigh de 30 lá féilire tar éis an coláiste a bhunú nó tar éis athraithe maidir lena chomhdhéanamh. Tar éis fógra a fháil ó údaráis inniúilla an CPL, foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí liosta chomhaltaí an choláiste sin.

Airteagal 18 3.
Féadfaidh an t-údarás inniúil de chuid Ballstáit nach comhalta den choláiste é aon fhaisnéis a iarraidh ón gcoláiste a bheidh ábhartha maidir lena dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh.
Airteagal 18 4.

Déanfaidh an coláiste, gan dochar do fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

ullmhú na tuairime dá dtagraítear in Airteagal 19;

(b) 

malartú faisnéise, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagal 84;

(c) 

comhaontú maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh na gcomhaltaí ar bhonn deonach;

(d) 

comhordú ar chláir scrúdaithe maoirseachta bunaithe ar mheasúnú riosca an chontrapháirtí lárnaigh; agus

(e) 

cinneadh nósanna imeachta agus pleananna teagmhasacha chun tabhairt faoi chásanna géarchéime, amhail dá dtagraítear in Airteagal 24.

Déanfaidh na comhchathaoirligh dátaí chruinnithe an choláiste a chinneadh agus déanfaidh siad clár oibre cruinnithe den sórt sin a leagan síos.

Chun feidhmiú na gcúraimí a shanntar do choláistí de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a éascú, beidh comhaltaí an choláiste dá dtagraítear i mír 2 i dteideal rannchuidiú le clár oibre chruinnithe an choláiste a shocrú, go háirithe trí phointí a chur le clár oibre cruinnithe agus toradh na hoibre a dhéanann an Sásra Faireacháin Comhpháirteach á chur san áireamh.

Airteagal 18 5.
Beidh bunú agus feidhmiú an choláiste bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile.

Cinnfidh an comhaontú sin na socruithe praiticiúla d’fheidhmiú an choláiste, lena n-áirítear rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

nósanna imeachta vótála dá dtagraítear in Airteagal 19(3);

(ii) 

na nósanna imeachta i ndáil le clár oibre chruinnithe an choláiste a shocrú;

(iii) 

minicíocht chruinnithe an choláiste;

(iv) 

formáid agus raon feidhme na faisnéise atá le cur ar fáil ag údarás inniúil an CPL do chomhaltaí an choláiste, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil i gcomhréir le Airteagal 21(4);

(v) 

na tréimhsí íosta is iomchuí chun go ndéanfaidh comhaltaí an choláiste an doiciméadacht ábhartha a mheas;

(vi) 

módúlachtaí na cumarsáide idir comhaltaí an choláiste;

Féadfar a chinneadh leis an gcomhaontú freisin cúraimí atá le cur ar údarás inniúil an CPL, ESMA nó comhalta eile den choláiste. I gcás easaontas idir na comhchathaoirligh, is é an t-údarás inniúil a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach, a thabharfaidh míniú réasúnaithe do ESMA maidir lena chinneadh.

Airteagal 18 6.
Chun feidhmiú comhsheasmhach agus comhleanúnach na gcoláistí ar fud an Aontais a áirithiú, déanfaidh ESMA, i gcomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na coinníollacha faoina ndéanfar na hairgeadraí sin de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe (h) de mhír 2 a mheas mar na hairgeadraí is ábhartha agus ina sonraítear mionsonraí na socruithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 5.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Eanáir 2021.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.