|
+Airteagal 18 2. |
Airteagal 18 2.Is éard a bheidh sa choláiste:
(a)
an Cathaoirleach nó ceann ar bith de na comhaltaí neamhspleácha ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 24a(2);
(b)
údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh;
(c)
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an CPL atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an CPL dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo ar bhonn comhiomlán in imeacht tréimhse bliana, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, BCE faoi chuimsiú na gcúraimí maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 18 ).
(ca)
údaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an CPL, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (c), faoi réir toiliú a fháil ó údarás inniúil an CPL. Iarrfaidh na húdaráis inniúla sin toiliú údarás inniúil an CPL le bheith rannpháirteach sa choláiste agus údar á thabhairt acu leis an iarratas bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag anás airgeadais CPL ar chobhsaíocht airgeadais a mBallstáit faoi seach. I gcás nach ndeonóidh údarás inniúil an CPL an iarraidh, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin i scríbhinn.
(d)
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála, a soláthraíonn an contrapháirtí lárnach seirbhísí dóibh;
(e)
na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;
(f)
na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar thaisclanna urrús lárnacha a bhfuil na contrapháirtithe lárnacha nasctha leo;
(g)
na comhaltaí ábhartha de CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí lárnach agus na comhaltaí iomchuí de CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil socruithe maidir le hidir-inoibritheacht bunaithe leo;
(h)
bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí Aontais is ábhartha do na hionstraimí airgeadais a imréitítear;
(i)
bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPL nó atá le himréiteach ag CPL seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (h), faoi réir toiliú údarás inniúil an CPL. Iarrfaidh na bainc cheannais eisiúna sin toiliú údarás inniúil an CPL le bheith rannpháirteach sa choláiste agus údar á thabhairt acu leis an iarratas bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag anás airgeadais CPL ar a n-airgeadra eisiúna faoi seach. I gcás nach ndeonóidh údarás inniúil an CPL an iarraidh, tabharfaidh údarás inniúil an CPL cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin i scríbhinn. Foilseoidh údarás inniúil an CPL liosta de chomhaltaí an choláiste ar a shuíomh gréasáin. Déanfaidh údarás inniúil an CPL an liosta sin a nuashonrú gan moill mhíchuí tar éis aon athrú a dhéanfar ar chomhdhéanamh an choláiste. Cuirfidh údarás inniúil an CPL fógra chuig ESMA maidir leis an liosta sin laistigh de 30 lá féilire tar éis an coláiste a bhunú nó tar éis athraithe maidir lena chomhdhéanamh. Tar éis fógra a fháil ó údaráis inniúilla an CPL, foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí liosta chomhaltaí an choláiste sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|