+Airteagal 20 Údarú a tharraingt siar
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
|
Airteagal 20 Údarú a tharraingt siar
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Gan dochar d’Airteagal 22(3), déanfaidh údarás inniúil de chuid CPL údarú a tharraingt siar, ina iomláine nó i bpáirt, i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an CPL:
(a)
níor bhain sé úsáid as an údarú laistigh de 12 mhí;
(b)
níor bhain sé úsáid as údarú i gcás seirbhís nó gníomhaíocht imréitigh in aicme díorthach, urrús, ionstraimí airgeadais eile nó ionstraimí neamhairgeadais, laistigh de 12 mhí ón dáta a deonaíodh an t-údarú nó ón dáta is deireanaí a thairg an CPL seirbhís nó gníomhaíocht imréitigh den sórt sin;
(c)
diúltaíonn sé go sainráite don údarú;
(d)
ní dhearna sé aon seirbhís a sholáthar ná aon ghníomhaíocht a dhéanamh le linn an 12 mhí roimhe sin in aicme díorthach, urrús, ionstraimí airgeadais eile nó ionstraimí neamhairgeadais a chumhdaítear le húdarú;
(e)
fuair sé údarú trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó trí aon mhodh neamhrialta eile;
(f)
níl na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh aige agus níl na gníomhaíochtaí feabhais déanta aige laistigh den tréimhse ama shocraithe; nó
(g)
tá sárú córasach agus tromchúiseach déanta aige ar aon cheann de na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
|
|
Airteagal 20 2.
|
I gcás ina ndéanann údarás inniúil an CPL údarú an CPL a tharraingt siar de bhun mhír 1, féadfaidh sé tarraingt siar an údaraithe sin a theorannú do sheirbhís imréitigh ar leith nó do ghníomhaíocht imréitigh ar leith in aicme amháin nó níos mó de dhíorthaigh, d’urrúis, d’ionstraimí airgeadais eile nó d’ionstraimí neamhairgeadais.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Sula ndéanfaidh údarás inniúil an CPL cinneadh i dtaobh údarú an CPL a tharraingt siar ina iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear i gcás seirbhís imréitigh amháin nó níos mó nó gníomhaíocht imréitigh amháin nó níos mó in aicme amháin nó níos mó de dhíorthaigh, d’urrúis, d’ionstraimí airgeadais eile nó d’ionstraimí neamhairgeadais faoi mhír 1, iarrfaidh sé, i gcomhréir le hAirteagal 17b, an tuairim ó ESMA agus ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 maidir leis an ngá atá le húdarú an CPL a tharraingt siar, ina iomláine nó i bpáirt, ach amháin i gcás ina bhfuil gá práinneach le cinneadh.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Féadfaidh ESMA nó aon chomhalta den choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, aon tráth, a iarraidh go ndéanfadh údarás inniúil an CPL scrúdú ar cibé acu atá nó nach bhfuil an CPL fós i gcomhréir leis na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú.
|
|
Airteagal 20 5.
|
I gcás ina ndéanann údarás inniúil an CPL cinneadh i dtaobh údarú an CPL a tharraingt siar ina iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear i gcás seirbhís imréitigh amháin nó níos mó nó gníomhaíocht imréitigh amháin nó níos mó in aicme amháin nó níos mó de dhíorthaigh, d’urrúis, d’ionstraimí airgeadais eile nó d’ionstraimí neamhairgeadais, gabhfaidh éifeacht leis an gcinneadh sin ar fud an Aontais agus cuirfidh údarás inniúil an CPL an CPL ar an eolas, tríd an mbunachar sonraí lárnach, gan moill mhíchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|