|
+Airteagal 24 1. |
Airteagal 24 1.Déanfaidh údarás inniúil an CPL nó aon údarás ábhartha eile ESMA, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, comhaltaí ábhartha CEBC, an Coimisiún agus údaráis ábhartha eile a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon staid éigeandála a bhaineann le CPL, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a)
cásanna nó teagmhais a mbíonn tionchar acu, nó ar dócha go mbeidh tionchar acu, ar fhóntacht stuamachta nó airgeadais nó ar athléimneacht CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14, a gcomhaltaí imréitigh nó a gcliaint;
(b)
i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL a phlean téarnaimh a chur i ngníomh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/23, ina ndearna údarás inniúil beart luath-idirghabhála de bhun Airteagal 18 den Rialachán sin nó ina ndearna údarás inniúil a chur de cheangal go ndéanfaí bainistíocht shinsearach nó bord an CPL a bhriseadh go hiomlán nó go páirteach de bhun Airteagal 19 den Rialachán sin;
(c)
i gcás ina dtarlaíonn forbairtí sna margaí airgeadais, nó i margaí eile ina soláthraíonn an CPL seirbhísí imréitigh, a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar leachtacht an mhargaidh, ar tharchur an bheartais airgeadaíochta, ar oibriú rianúil na gcóras íocaíochta nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil an CPL nó ceann dá chomhaltaí imréitigh bunaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|