+Airteagal 24 Staideanna éigeandála
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 5.
---+Airteagal 24 6.
---+Airteagal 24 7.
---+Airteagal 24 8.
|
Airteagal 24 Staideanna éigeandála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1.
|
Déanfaidh údarás inniúil an CPL nó aon údarás ábhartha eile ESMA, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, comhaltaí ábhartha CEBC, an Coimisiún agus údaráis ábhartha eile a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon staid éigeandála a bhaineann le CPL, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
(a)
cásanna nó teagmhais a mbíonn tionchar acu, nó ar dócha go mbeidh tionchar acu, ar fhóntacht stuamachta nó airgeadais nó ar athléimneacht CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14, a gcomhaltaí imréitigh nó a gcliaint;
(b)
i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL a phlean téarnaimh a chur i ngníomh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/23, ina ndearna údarás inniúil beart luath-idirghabhála de bhun Airteagal 18 den Rialachán sin nó ina ndearna údarás inniúil a chur de cheangal go ndéanfaí bainistíocht shinsearach nó bord an CPL a bhriseadh go hiomlán nó go páirteach de bhun Airteagal 19 den Rialachán sin;
(c)
i gcás ina dtarlaíonn forbairtí sna margaí airgeadais, nó i margaí eile ina soláthraíonn an CPL seirbhísí imréitigh, a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar leachtacht an mhargaidh, ar tharchur an bheartais airgeadaíochta, ar oibriú rianúil na gcóras íocaíochta nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil an CPL nó ceann dá chomhaltaí imréitigh bunaithe.
|
|
Airteagal 24 2.
|
I staid éigeandála, déanfar faisnéis a sholáthar agus a nuashonrú gan moill mhíchuí chun a chur ar chumas chomhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 anailís a dhéanamh ar thionchar na staide éigeandála sin go háirithe ar a gcomhaltaí imréitigh agus ar a gcliaint. Féadfaidh comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig na comhlachtaí poiblí atá freagrach as cobhsaíocht airgeadais a margaí, faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla a leagtar amach in Airteagal 83. Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla i gcomhréir le hAirteagal 83 maidir leis na comhlachtaí sin a fhaigheann an fhaisnéis sin.
|
|
Airteagal 24 3.
|
I gcás staid éigeandála in CPL amháin nó níos mó a bhfuil nó ar dócha go mbeidh éifeachtaí díchobhsaitheacha aici ar mhargaí trasteorann, déanfaidh ESMA údaráis inniúla, na húdaráis réitigh a ainmnítear de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/23 agus na coláistí dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo a chomhordú chun freagairt chomhordaithe a chur i dtoll a chéile ar staideanna éigeandála a bhaineann le CPL agus chun comhroinnt éifeachtach faisnéise a áirithiú i measc na n-údarás inniúil, na gcoláistí dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo agus na n-údarás réitigh.
|
|
Airteagal 24 4.
|
I gcás staid éigeandála, ach amháin i gcás ina bhfuil gníomhaíocht réitigh á déanamh nó déanta ag údarás réitigh i ndáil le CPL de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23, maidir le cruinnithe ad hoc den Choiste Maoirseachta do CPLanna, chun freagairtí na n-údarás inniúil a chomhordú:
(a)
féadfaidh an Cathaoirleach ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna iad a chomóradh;
(b)
comórfaidh an Cathaoirleach ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna iad, arna iarraidh sin do bheirt chomhaltaí den Choiste Maoirseachta do CPLanna.
|
|
Airteagal 24 5.
|
Tabharfar cuireadh freisin d’aon cheann de na húdaráis seo a leanas freastal ar an gcruinniú ad hoc dá dtagraítear i mír 4, i gcás inarb ábhartha, ag féachaint do na saincheisteanna atá le plé ag an gcruinniú sin:
(a)
na bainc cheannais eisiúna ábhartha;
(b)
na húdaráis inniúla ábhartha chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, BCE faoi chuimsiú na gcúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa laistigh den sásra maoirseachta aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
(c)
na húdaráis inniúla ábhartha chun maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála;
(d)
na húdaráis inniúla ábhartha chun maoirseacht a dhéanamh ar chliaint i gcás inarb eol cé hiad féin;
(e)
na húdaráis réitigh ábhartha a ainmnítear de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/23;
(f)
aon chomhalta den choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, nach gcumhdaítear cheana le pointí (a) go (d) den mhír seo.
|
|
Airteagal 24 6.
|
I gcás ina ndéantar cruinniú ad hoc den Choiste Maoirseachta do CPLanna a chomóradh de bhun mhír 4, cuirfidh Cathaoirleach an Choiste sin ÚBE, ÚEÁPC, BERS, an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
19
) agus an Coimisiún ar an eolas faoi sin agus tabharfar cuireadh dóibh freisin a bheith rannpháirteach sa chruinniú sin arna iarraidh sin dóibh. I gcás ina dtionóltar cruinniú tar éis staid éigeandála mar a shonraítear i mír 1, pointe (c), tabharfaidh an Cathaoirleach ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna cuireadh do na bainc cheannais eisiúna ábhartha a bheith rannpháirteach sa chruinniú sin.
|
|
Airteagal 24 7.
|
Féadfaidh ESMA a chur de cheangal ar na húdaráis inniúla ábhartha uile an fhaisnéis is gá a sholáthar dó chun a fheidhm chomhordúcháin dá bhforáiltear san Airteagal seo a dhéanamh. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag údarás inniúil ábhartha, cuirfidh sé ar aghaidh chuig ESMA í gan moill mhíchuí. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag údarás inniúil ábhartha, cuirfidh sé de cheangal ar na CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14, ar a gcomhaltaí imréitigh nó ar a gcliaint, ar bhonneagair nasctha an mhargaidh airgeadais nó ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna sin feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu, de réir mar is ábhartha agus is infheidhme, an fhaisnéis sin a sholáthar dó, agus cuirfidh sé ESMA ar an eolas faoi sin. A luaithe a fhaigheann an t-údarás inniúil ábhartha an fhaisnéis a iarrtar, cuirfidh sé ar aghaidh chuig ESMA í gan moill mhíchuí. In ionad an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú fomhír a éileamh, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha cead a thabhairt do ESMA an fhaisnéis sin a éileamh go díreach ón eintiteas ábhartha. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis uile a fhaightear ón eintiteas sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil ábhartha gan moill mhíchuí. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír faighte ag ESMA laistigh de 48 n-uaire an chloig, féadfaidh sé, trí iarraidh shimplí, ceangal a chur ar CPLanna údaraithe, ar a gcomhaltaí imréitigh agus ar a gcliaint, ar bhonneagair nasctha an mhargaidh airgeadais agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna sin feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu an fhaisnéis sin a sholáthar dó gan moill mhíchuí. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis uile a fhaightear ó na heintitis sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil ábhartha gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 24 8.
|
Féadfaidh ESMA, ar thogra ón gCoiste Maoirseachta do CPLanna, moltaí a eisiúint de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a bheidh dírithe chuig údarás inniúil amháin nó níos mó ina moltar dóibh cinntí maoirseachta sealadacha nó buana a ghlacadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeidil IV agus V den Rialachán seo chun éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais a sheachaint nó a mhaolú. Ní fhéadfaidh ESMA moltaí den sórt sin a eisiúint ach amháin i gcás ina ndéantar difear do níos mó ná CPL amháin a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 nó i gcás ina bhfuil díchobhsú á dhéanamh ag imeachtaí ar fud an Aontais ar mhargaí imréitithe trasteorann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|