+Airteagal 24 7.

Airteagal 24 7.

Féadfaidh ESMA a chur de cheangal ar na húdaráis inniúla ábhartha uile an fhaisnéis is gá a sholáthar dó chun a fheidhm chomhordúcháin dá bhforáiltear san Airteagal seo a dhéanamh.

I gcás ina bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag údarás inniúil ábhartha, cuirfidh sé ar aghaidh chuig ESMA í gan moill mhíchuí.

I gcás nach bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag údarás inniúil ábhartha, cuirfidh sé de cheangal ar na CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14, ar a gcomhaltaí imréitigh nó ar a gcliaint, ar bhonneagair nasctha an mhargaidh airgeadais nó ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna sin feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu, de réir mar is ábhartha agus is infheidhme, an fhaisnéis sin a sholáthar dó, agus cuirfidh sé ESMA ar an eolas faoi sin. A luaithe a fhaigheann an t-údarás inniúil ábhartha an fhaisnéis a iarrtar, cuirfidh sé ar aghaidh chuig ESMA í gan moill mhíchuí.

In ionad an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú fomhír a éileamh, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha cead a thabhairt do ESMA an fhaisnéis sin a éileamh go díreach ón eintiteas ábhartha. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis uile a fhaightear ón eintiteas sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil ábhartha gan moill mhíchuí.

I gcás nach bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír faighte ag ESMA laistigh de 48 n-uaire an chloig, féadfaidh sé, trí iarraidh shimplí, ceangal a chur ar CPLanna údaraithe, ar a gcomhaltaí imréitigh agus ar a gcliaint, ar bhonneagair nasctha an mhargaidh airgeadais agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna sin feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu an fhaisnéis sin a sholáthar dó gan moill mhíchuí. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis uile a fhaightear ó na heintitis sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil ábhartha gan moill mhíchuí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.