|
+Airteagal 24a 5. |
Airteagal 24a 5.Gairmithe neamhspleácha lánaimseartha a bheidh i gCathaoirleach agus i gcomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna. Is tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar imréiteach, iarthrádáil, maoirseacht stuamachta agus cúrsaí airgeadais, agus ar bhonn taithí a bhaineann le maoirseacht agus rialáil CPLanna, a cheapfaidh an Bord Maoirseoirí iad. Sula ndéanfar ceapachán an Chathaoirligh agus chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna, agus suas go mí amháin tar éis don Bhord Maoirseoirí a ghearrliosta a chur i dtoll a chéile, cuirfidh an Bord Maoirseoirí an gearrliosta sin d’iarratasóirí roghnaithe, lena n-urramaítear an chothromaíocht inscne, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa na hiarratasóirí roghnaithe a fhormheas nó a dhiúltú tar éis di éisteacht leo. I gcás nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach nó aon duine de na comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna a thuilleadh na coinníollacha a cheanglaítear chun a gcuid dualgas a fheidhmiú nó i gcás go bhfuarthas ciontach iad as mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh an duine sin a chur as oifig. Is le tromlach cáilithe a ghníomhóidh an Chomhairle. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle scéala a chur chuig an gCoimisiún á rá gur dóigh leo go gcomhlíontar na coinníollacha chun Cathaoirleach nó duine de chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna a chur as oifig, agus tabharfaidh an Coimisiún freagra air sin. Cúig bliana a mhairfidh téarma oifige Chathaoirleach agus chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna; féadfar síneadh amháin a chur leis an tréimhse sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|