+Airteagal 24a An Coiste Maoirseachta do CPLanna
---+Airteagal 24a 1.
---+Airteagal 24a 2.
---+Airteagal 24a 3.
---+Airteagal 24a 4.
---+Airteagal 24a 5.
---+Airteagal 24a 6.
---+Airteagal 24a 7.
---+Airteagal 24a 8.
---+Airteagal 24a 9.
---+Airteagal 24a 10.
---+Airteagal 24a 11.
---+Airteagal 24a 12.
---+Airteagal 24a 13.
|
Airteagal 24a An Coiste Maoirseachta do CPLanna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24a 1.
|
Bunóidh ESMA buanchoiste inmheánach de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun dréachtchinntí a ullmhú, a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí, agus chun na cúraimí a leagtar amach i míreanna 7, 9 agus 10 den Airteagal seo (“an Coiste Maoirseachta do CPLanna”) a chur i gcrích.
|
|
Airteagal 24a 2.
|
Beidh a leanas ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna:
(a)
an Cathaoirleach, ag a mbeidh cead vótála;
(b)
beirt chomhaltaí neamhspleácha, ag a mbeidh cead vótála;
(c)
údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo le CPL údaraithe, a bheidh ag vótáil; i gcás ina n-ainmneoidh an Ballstát níos mó ná údarás amháin mar údarás inniúil, féadfaidh gach ceann d’údaráis inniúla an Bhallstáit sin a chinneadh ionadaí amháin a cheapadh chun a bheith rannpháirteach de bhun na míre seo; i gcás na nósanna imeachta vótála a leagtar amach in Airteagal 24c, áfach, measfar ionadaithe uile an Bhallstáit a bheidh i gceist mar aon chomhalta vótála amháin.
(d)
Na bainc cheannais eisiúna seo a leanas:
(i)
i gcás ina dtagann an Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile i dtaca le CPLanna tríú tír, i leith ullmhúchán gach cinnidh dá mbaineann le hAirteagail dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo maidir le CPLanna Leibhéal 2 agus le hAirteagal 25(2a), na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) a bhfuil comhaltacht ar an gCoiste Maoirseachta CPL iarrtha acu, ach nach mbeidh cead vótála acu;
▼M18
(ii)
i gcás ina dtagann an Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile i ndáil le CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14, i gcomhthéacs pléití a bhaineann le mír 7 den Airteagal seo, bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPLanna údaraithe a bhfuil comhaltacht sa Choiste Maoirseachta do CPLanna iarrtha acu, agus nach mbeidh cead vótála acu.
▼M14
Tabharfar comhaltacht go huathoibríoch chun críche fhophointe (i) agus fophointe (ii), arna iarraidh sin aon uair amháin i scríbhinn ar an gCathaoirleach.
|
|
Airteagal 24a 3.
|
Féadfaidh an Cathaoirleach cuireadh a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, do chomhaltaí na gcoláistí dá dtagraítear in Airteagal 18, d’ionadaithe ó údaráis ábhartha na gcliant, i gcás inarb eol sin, agus d’ionadaithe ó institiúidí agus comhlachtaí ábhartha an Aontais freastal ar chruinnithe an Choiste Maoirseachta do CPLanna mar bhreathnóirí.
|
|
Airteagal 24a 4.
|
Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Choiste Maoirseachta do CPLanna ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’aon duine de chomhaltaí vótála an bhoird. Tiocfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile cúig huaire, ar a laghad, sa bhliain.
|
|
Airteagal 24a 5.
|
Gairmithe neamhspleácha lánaimseartha a bheidh i gCathaoirleach agus i gcomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna. Is tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolas ar imréiteach, iarthrádáil, maoirseacht stuamachta agus cúrsaí airgeadais, agus ar bhonn taithí a bhaineann le maoirseacht agus rialáil CPLanna, a cheapfaidh an Bord Maoirseoirí iad. Sula ndéanfar ceapachán an Chathaoirligh agus chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna, agus suas go mí amháin tar éis don Bhord Maoirseoirí a ghearrliosta a chur i dtoll a chéile, cuirfidh an Bord Maoirseoirí an gearrliosta sin d’iarratasóirí roghnaithe, lena n-urramaítear an chothromaíocht inscne, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa na hiarratasóirí roghnaithe a fhormheas nó a dhiúltú tar éis di éisteacht leo. I gcás nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach nó aon duine de na comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna a thuilleadh na coinníollacha a cheanglaítear chun a gcuid dualgas a fheidhmiú nó i gcás go bhfuarthas ciontach iad as mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh an duine sin a chur as oifig. Is le tromlach cáilithe a ghníomhóidh an Chomhairle. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle scéala a chur chuig an gCoimisiún á rá gur dóigh leo go gcomhlíontar na coinníollacha chun Cathaoirleach nó duine de chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna a chur as oifig, agus tabharfaidh an Coimisiún freagra air sin. Cúig bliana a mhairfidh téarma oifige Chathaoirleach agus chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna; féadfar síneadh amháin a chur leis an tréimhse sin.
|
|
Airteagal 24a 6.
|
Ní bheidh seilbh ag Cathaoirleach ná ag comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna ar aon oifig ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal idirnáisiúnta. Gníomhóidh siad go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leas an Aontais ina iomláine agus chun na críche sin amháin agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile. Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar chathaoirleach nó ar dhuine de chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh. I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, beidh Cathaoirleach agus comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna, ach a n-éirí siad as an tseirbhís, fós faoi cheangal iad féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe.
|
|
Airteagal 24a 7.
|
►M18
I ndáil le CPLanna údaraithe nó le CPLanna a bhfuil iarratas ar údarú á dhéanamh acu i gcomhréir le hAirteagal 14, déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna, chun críocha Airteagal 23a, cinntí a ullmhú agus na cúraimí sin a chuirtear ar ESMA in Airteagal 23a agus sna pointí seo a leanas a dhéanamh: ◄
(a)
anailís athbhreithnithe piaraí ar ghníomhaíochtaí maoirseachta na n-údarás inniúil uile a sheoladh i ndáil le húdarú agus maoirseacht na gcontrapháirtithe lárnacha i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, agus sin a dhéanamh uair sa bhliain ar a laghad;
▼M15
(b)
ar a laghad uair sa bhliain, measúnuithe uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar athléimneacht CPLanna i leith forbairtí dochracha sa mhargadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, ag cur san áireamh, i gcás inar féidir, éifeacht chomhiomlán na socruithe téarnaimh agus réitigh CPL ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais;
▼M18
(ba)
gach bliain ar a laghad, tosaíochtaí maoirseachta a phlé agus a shainaithint i gcás CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo chun cur le hullmhú na dtosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha uile-Aontais ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 29a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
(bb)
breithniú a dhéanamh, i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC agus BCE, agus a chúraimí á ndéanamh aige laistigh de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, ar aon rioscaí trasteorann a eascraíonn as gníomhaíochtaí CPLanna, lena n-áirítear i ngeall ar idirnascthacht, idirnaisc agus rioscaí comhchruinnithe CPLanna de bharr naisc trasteorann den sórt sin;
(bc)
dréacht-tuairimí a ullmhú lena nglacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 17b, dréachtbhailíochtuithe a ullmhú lena nglacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 49 agus dréachtchinntí a ullmhú lena nglacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 49a;
(bd)
ionchur a sholáthar do na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 17a;
(be)
an Bord Maoirseoirí a chur ar an eolas i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil tuairimí ó ESMA ná aon choinníoll ná aon mholadh atá iontu nó nach bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh, lena n-áirítear an réasúnú ón údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 17(3c) agus le hAirteagal 17b(4);
▼M14
(c)
malartú agus plé rialta a chur chun cinn i measc na n-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(i)
gníomhaíochtaí agus cinntí ábhartha maoirseachta arna nglacadh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 agus a ndualgais á ndéanamh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir le húdarú agus maoirsiú CPLanna arna mbunú ar a gcríoch;
(ii)
dréachtchinntí arna gcur faoi bhráid ESMA ag údarás inniúil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 23a(2);
(iii)
dréachtchinntí arna gcur ar bhonn deonach faoi bhráid ESMA ag údarás inniúil i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 23a(2);
(iv)
forbairtí ábhartha de chuid an mhargaidh, lena n-áirítear cásanna nó imeachtaí a fhágfaidh a lorg nó ar dócha dóibh a lorg a fhágáil ar fhóntacht stuamachta nó airgeadais nó teacht aniar CPLanna arna n-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 nó ar a gcomhaltaí imréitigh;
(d)
beidh sé ar an eolas faoi gach tuairim agus moladh arna nglacadh ag coláistí i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo agus pléifidh sé iad d’fhonn cur le feidhmiú comhleanúnach agus comhsheasmhach na gcoláistí agus d’fhonn comhsheasmhacht a chothú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo ina measc.
Chun críocha phointe (a) go pointe (d) sa chéad fhomhír, tabharfaidh na húdaráis inniúla gach faisnéis agus doiciméadacht ábhartha do ESMA gan moill mhíchuí. Tuairisceoidh ESMA ar bhonn bliantúil don Choimisiún ar na rioscaí trasteorann a eascraíonn as gníomhaíochtaí CPLanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (bb).
|
|
Airteagal 24a 8.
|
I gcás ina nochtfar easpa cóineasaithe agus comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo trí na gníomhaíochtaí nó an malartú dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 7, eiseoidh ESMA na treoirlínte nó na moltaí is gá de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 nó tuairimí de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás ina dtabharfar chun solais, le measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 7, go bhfuil easnaimh i dteacht aniar ceann amháin nó níos mó de na contrapháirtithe lárnacha, eiseoidh ESMA na moltaí riachtanacha de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 24a 9.
|
Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
bunaithe ar a chuid gníomhaíochtaí i gcomhréir le pointí (a) go (d) de mhír 5, iarraidh ar an mBord Maoirseoirí a mheas an gá do ESMA treoirlínte, moltaí agus tuairimí a ghlacadh d’fhonn aghaidh a thabhairt ar easpa cóineasaithe agus comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo i measc na n-údarás inniúil agus na gcoláistí. Breithneoidh an Bord Maoirseoirí na hiarrataí sin go cuí agus tabharfaidh sé freagra iomchuí;
(b)
tuairimí maidir le cinntí arna nglacadh ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear in Airteagal 17 agus Airteagal 19 den Rialachán sin, a bhaineann le cúraimí arna mbronnadh ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 24a 10.
|
Déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna, i dtaca le CPLanna tríú tír, dréachtchinntí a ullmhú a ghlacfaidh an Bord Maoirseoirí agus cuirfidh sé i gcrích na cúraimí a leagtar ar ESMA in Airteagail 25, 25a, 25b, 25f go 25q agus 85(6).
|
|
Airteagal 24a 11.
|
Déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna, i dtaca le CPLanna tríú tír, cláir oibre a gcruinnithe a chomhroinnt leis an gcoláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c sula reáchtálfar na cruinnithe sin, mar aon le miontuairiscí a chruinnithe, na dréachtchinntí iomlána a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí agus na cinntí deireanacha arna nglacadh ag an mBord Maoirseoirí.
|
|
Airteagal 24a 12.
|
Gheobhaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna tacaíocht ó fhoireann thiomnaithe de chuid ESMA, ag a mbeidh a ndóthain eolais, scileanna, agus taithí acu d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
cruinnithe an Choiste Maoirseachta CPL a ullmhú;
(b)
na hanailísí a ullmhú is gá le gur féidir leis an gCoiste Maoirseachta do CPLanna a chúraimí a dhéanamh;
(c)
tacú leis an gCoiste Maoirseachta do CPLanna ina chomhar idirnáisiúnta ar an leibhéal riaracháin.
|
|
Airteagal 24a 13.
|
Chun críocha an Rialacháin seo, áiritheoidh ESMA go bhfuil scaradh struchtúrach idir an Coiste Maoirseachta do CPLanna agus na feidhmeanna eile dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|