+Airteagal 24b Comhairliúchán leis na bainc cheannais eisiúna
---+Airteagal 24b 1.
---+Airteagal 24b 2.
---+Airteagal 24b 3.
|
Airteagal 24b Comhairliúchán leis na bainc cheannais eisiúna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24b 1.
|
Maidir le measúnuithe maoirseachta a dhéantar i ndáil le hAirteagail 41, 44, 46, 50 agus 54 agus cinntí a dhéantar dá mbun i ndáil le CPLanna Leibhéal 2, rachaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna i gcomhairle leis na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear in Airteagal 25(3), pointe (f). Beidh cead freagartha ag gach banc ceannais eisiúna. I gcás ina gcinneann an banc ceannais eisiúna freagairt a thabhairt, déanfaidh sé amhlaidh laistigh de 10 lá oibre ón dréachtchinneadh a fháil. I staideanna éigeandála, ní rachaidh an tréimhse sin thar 24 huaire an chloig. I gcás ina molann banc ceannais eisiúna leasuithe nó ina ndéanann sé agóid i gcoinne measúnuithe a bhaineann le hAirteagail 41, 44, 46, 50 agus 54 nó i gcoinne dréachtchinntí dá mbun, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe i scríbhinn. Nuair a thagann deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin, breithneoidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna an fhreagairt go cuí maille le haon leasuithe arna moladh ag na bainc cheannais eisiúna agus soláthróidh sé a mheasúnú don bhanc ceannais eisiúna.
|
|
Airteagal 24b 2.
|
I gcás nach léiríonn an Coiste Maoirseachta do CPLanna na leasuithe arna moladh ag an mbanc ceannais eisiúna ina dhréachtchinneadh, cuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna an banc ceannais eisiúna sin ar an eolas i scríbhinn agus luafaidh sé na cúiseanna iomlána nár cuireadh san áireamh na leasuithe arna moladh ag an mbanc ceannais eisiúna sin, agus míniú á thabhairt ar aon imeacht ó na leasuithe sin. Cuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna na freagairtí arna bhfáil agus na leasuithe arna moladh ag na bainc cheannais eisiúna faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, mar aon leis na cúiseanna nár chuir sé san áireamh iad in éineacht lena dhréachtchinneadh.
|
|
Airteagal 24b 3.
|
I ndáil le cinntí a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 25(2c) agus Airteagal 85(6), lorgóidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna comhaontú ó na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) maidir lena mbaineann leis na hairgeadraí a eisíonn siad. Glacfar leis gur chomhaontaigh gach banc ceannais eisiúna, mura molfaidh an banc ceannais eisiúna leasuithe nó mura gcuirfidh sé ina choinne laistigh de 10 lá oibre ón uair a seolfar an dréachtchinneadh. I gcás ina molfaidh banc ceannais eisiúna leasuithe a dhéanamh ar an dréachtchinneadh nó ina gcuireann sé ina aghaidh, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin i scríbhinn. I gcás ina molfaidh banc ceannais eisiúna leasuithe a bhaineann leis an airgeadra a eisíonn sé, ní fhéadfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí ach an dréachtchinneadh arna leasú i dtaca leis na cúrsaí sin. I gcás ina gcuirfidh banc ceannais eisiúna agóid isteach a bhaineann leis an airgeadra a eisíonn sé, ní áireoidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna na cúrsaí sin sa dréachtchinneadh a chuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí lena ghlacadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|