|
+Airteagal 25 7a. |
Airteagal 25 7a.I gcás nár chinn ESMA leibhéal CPL go fóill nó i gcás inar chinn ESMA gur CPLanna Leibhéal 1 iad na CPLanna uile nó cuid de na CPLanna i dtríú tír ábhartha, cuirfear san áireamh sna socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 an riosca a bhaineann leis na CPLanna sin a bheith ag soláthar seirbhísí imréitigh agus sonrófar an méid seo a leanas iontu:
(a)
an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn bliantúil idir ESMA, na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, ionas go mbeidh ESMA in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(i)
a áirithiú go gcomhlíonfaidh an CPL na coinníollacha maidir le haitheantas faoi mhír 2;
(ii)
aon tionchar ábhartha féideartha ar leachtacht an mhargaidh nó ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar chobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit a shainaithint; agus
(iii)
faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí imréitigh i gceann amháin, nó níos mó, de na CPLanna atá bunaithe sa tríú tír sin ag comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas, nó ar cuid de ghrúpa iad atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite san Aontas;
(b)
go heisceachtúil, an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn ráithiúil lena gceanglaítear faisnéis mhionsonraithe lena gcumhdaítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2a, agus go háirithe faisnéis faoi athruithe suntasacha ar shamhlacha riosca agus ar pharaiméadair riosca, leathnú ghníomhaíochtaí agus sheirbhísí CPL agus athruithe ar struchtúr chuntas na gcliant, agus é d’aidhm aige sin a bhrath an bhféadfadh sé go bhfuil CPL gar do bheith tábhachtach go sistéamach, nó an bhféadfadh sé gur dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis, maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó cobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, chomh maith leis an sásra chun faisnéis a mhalartú faoi fhorbairtí sa mhargadh a bhféadfadh iarmhairtí a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais;
(c)
an sásra chun fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina measann údarás inniúil tríú tír go bhfuil coinníollacha a údaraithe nó dlí eile a bhfuil sé faoina réir á sárú ag CPL a bhfuil maoirseacht á déanamh aige air;
(d)
an sásra trína ndéanann an t-údarás inniúil tríú tír fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL tríú tír a ndéanann an t-údarás inniúil sin maoirseacht air a sheirbhísí imréitigh nó a ghníomhaíochtaí imréitigh a leathnú nó a laghdú;
(e)
na nósanna imeachta is gá chun go ndéanfar faireachán éifeachtach ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tír;
(f)
na nósanna imeachta lena gcuireann údaráis tríú tír ESMA, an coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c, agus na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon staideanna éigeandála a bhaineann leis an CPL aitheanta, lena n-áirítear forbairtí i margaí airgeadais, a bhféadfadh éifeacht dhochrach a bheith acu ar leachtacht an mhargaidh agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas nó i gceann dá Bhallstáit, agus na nósanna imeachta agus na pleananna teagmhasacha chun aghaidh a thabhairt ar staideanna den sórt sin;
(g)
na nósanna imeachta lena n-áirithíonn údaráis tríú tír forfheidhmiú éifeachtach na gcinntí a ghlacann ESMA i gcomhréir le hAirteagail 25f agus 25j, Airteagal 25k(1), pointe (b), agus Airteagail 25l, 25m agus 25p;
(h)
toiliú ó na húdaráis tríú tír maidir le haon fhaisnéis a sholáthair siad do ESMA a chomhroinnt ina dhiaidh sin faoi na socruithe comhair leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 agus le comhaltaí den choláiste do CPLanna tríú tír, faoi réir na gceanglas rúndachta gairmiúla a leagtar amach in Airteagal 83. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|