+Airteagal 25a Comhlíonadh inchomparáide
---+Airteagal 25a 1.
---+Airteagal 25a 2.
---+Airteagal 25a 3.

Airteagal 25a Comhlíonadh inchomparáide

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25a 1.
Féadfaidh CPL dá dtagraítear in Airteagal 25(2b)(a) iarraidh réasúnaithe a dhéanamh go ndéanfadh ESMA measúnú ar cibé acu is féidir nó nach féidir a mheas gur leor comhlíontacht an CPL sin i dtaca leis an gcreat tríú tír is infheidhme, agus forálacha an ghnímh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 25(6) á gcur san áireamh, mar chomhlíonadh ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V. Cuirfidh ESMA an iarraidh faoi bhráid an choláiste do CPLanna tríú tír láithreach.
Airteagal 25a 2.
Soláthrófar san iarraidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo bunús fíorasach lena chinneadh go bhfuil inchomparáideacht ann agus na cúiseanna go sásaítear na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeidil IV agus V le comhlíonadh na gceanglas is infheidhme sa tríú tír. Déanfaidh CPL Leibhéal 2 a iarraidh réasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach.

Deonóidh ESMA comhlíonadh inchomparáide, go páirteach nó go hiomlán, i gcás ina gcinneann sé, bunaithe ar an iarraidh réasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go meastar go bhfuil an CPL Leibhéal 2, trí na ceanglais ábhartha is infheidhme sa tríú tír a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeidil IV agus V agus go sásaíonn sé, ar an gcaoi sin, an ceanglas maidir le haitheantas faoi Airteagal 25(2b), pointe (a).

Tarraingeoidh ESMA siar, go hiomlán nó i ndáil le ceanglas ar leith, an comhlíonadh inchomparáide, i gcás nach ndéanann CPL Leibhéal 2 na coinníollacha maidir le comhlíonadh inchomparáide a chomhlíonadh a thuilleadh agus i gcás nach ndearna CPL den sórt sin an ghníomhaíocht feabhais arna hiarraidh ag ESMA laistigh den tréimhse ama shocraithe. Agus é ag cinneadh dháta theacht in éifeacht an chinnidh i dtaobh an comhlíonadh inchomparáide a tharraingt siar, déanfaidh ESMA a dhícheall foráil a dhéanamh do thréimhse oiriúnaithe iomchuí nach mairfidh níos faide ná 6 mhí.

I gcás ina ndeonaíonn EMSA comhlíonadh inchomparáide, leanfaidh sé de bheith freagrach as a dhualgais a chomhlíonadh agus a chúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo, go háirithe faoi Airteagail 25 agus 25b, agus leanfaidh sé dá chumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 25c, 25d, 25f go 25m, 25p agus 25q a fheidhmiú.

Gan dochar do chumas ESMA a chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, i gcás ina ndeonaíonn ESMA comhlíonadh inchomparáide, tiocfaidh sé ar chomhaontú maidir le socruithe riaracháin leis an údarás tríú tír chun malartú iomchuí faisnéise agus comhar a áirithiú do ESMA chun faireachán a dhéanamh go gcomhlíontar na ceanglais maidir le comhlíonadh inchomparáide ar bhonn leanúnach.

Airteagal 25a 3.

Chun a áirithiú go mbeidh cuspóirí rialála na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V agus leasanna an Aontais ar an iomlán curtha san áireamh go héifeachtach sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena sonrófar an méid seo a leanas:

(a) 

na híoseilimintí atá le measúnú chun críocha mhír 1 den Airteagal seo;

(b) 

na modúlachtaí agus na coinníollacha maidir le déanamh an mheasúnaithe.

Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le Airteagal 82 faoin 2 Eanáir 2021.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.