+Airteagal 25h Cigireachtaí ar an láthair
---+Airteagal 25h 1.
---+Airteagal 25h 2.
---+Airteagal 25h 3.
---+Airteagal 25h 4.
---+Airteagal 25h 5.
---+Airteagal 25h 6.
---+Airteagal 25h 7.
|
Airteagal 25h Cigireachtaí ar an láthair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25h 1.
|
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA gach cigireacht riachtanach ar an láthair a dhéanamh ag aon áitreabh gnó, talamh nó maoin de chuid CPLanna Leibhéal 2 agus ar thríú páirtithe gaolmhara chuig a bhfuil feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí oibríochtúla seachfhoinsithe ag na CPLanna sin. Feadfaidh na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) iarraidh réasúnaithe ar ESMA páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair i gcás inarb ábhartha iad maidir lena gcúraimí beartais airgeadaíochta a dhéanamh. Cuirfear an coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i bhforfheidhmiú a chúraimí.
|
|
Airteagal 25h 2.
|
Féadfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a údaróidh ESMA cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith, ar thalamh ar bith nó ar mhaoin ar bith de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir cinneadh maidir le cigireacht a ghlacfaidh ESMA agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 25g(1) acu. Beidh sé de chumhacht acu freisin aon áitreabh gnó nó aon leabhair nó aon taifid a shéalú ar feadh na cigireachta agus a mhéid is gá don chigireacht.
|
|
Airteagal 25h 3.
|
Tréimhse ama leordhóthanach roimh an gcigireacht, tabharfaidh ESMA fógra faoin gcigireacht sin don údarás inniúil tríú tír ábhartha ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh ESMA, tar éis dó an t-údarás inniúil tríú tír a chur ar an eolas, an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt do CPL roimh ré más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go hiomchuí éifeachtúil. I dtaca le cigireachtaí arna ndéanamh i dtríú tír i gcomhréir leis an Airteagal seo, is de bhun na socruithe comhair arna mbunú le húdarás inniúil ábhartha an tríú tír a dhéanfar iad. Déanfaidh na hoifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag ESMA cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
|
|
Airteagal 25h 4.
|
Géillfidh na CPLanna Leibhéal 2 do chigireachtaí ar an láthair arna n-ordú trí bhíthin cinneadh de chuid ESMA. Sonrófar, sa chinneadh, ábhar agus cuspóir na cigireachta, an dáta a mbeidh sé le tosú, na íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
|
|
Airteagal 25h 5.
|
Ar iarratas ó ESMA, féadfaidh oifigigh údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an chigireacht le déanamh, chomh maith leis na daoine sin a bheidh údaraithe nó ceaptha ag údarás inniúil an tríú tír sin, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile a bheidh údaraithe ag ESMA. Féadfaidh oifigigh ón údarás inniúil ábhartha tríú tír freastal ar na cigireachtaí ar an láthair freisin.
|
|
Airteagal 25h 6.
|
Féadfaidh ESMA freisin iarraidh ar údaráis inniúla tríú tír cúraimí sonracha imscrúdúcháin agus cigireachtaí ar an láthair dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 25g(1) a dhéanamh thar a cheann.
|
|
Airteagal 25h 7.
|
I gcás ina ndéanfaidh na hoifigigh, agus na daoine eile a údaróidh ESMA a bheith leo, amach go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, féadfaidh ESMA a iarraidh ar an údarás inniúil tríú tír lena mbaineann gach cúnamh is gá a thabhairt dóibh agus, lena n-áireofar, más iomchuí, cúnamh na bpóilíní nó cúnamh údaráis choibhéisigh forfheidhmiúcháin, ionas go mbeidh sé ar a gcumas a gcigireacht ar an láthair a dhéanamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|